Daire Ó Muirí, atá le feiceáil i bpáirt Aodh in EIPIC ar TG4 faoi láthair, agus é ag cur críoch le sraith ’60 soicind’ leis an gcúigear ceolmhar. Labhair sé linn faoina charachtar saonta Aodh, a bhfuil freangadh nó ‘twerking’ den scoth aige – mar atá ag Daire féin san fhíorshaol – faoi bheith ag gigeáil ina sheomra leapa agus faoin gcéad ‘buzz’ a fuair sé agus é in aois a 8 mbliana.
1) Cárb as duit?
Tearmann Bearaigh Co. Ros Comáin
2) Trí rud a gcuimhníonn tú orthu nuair a shamhlaíonn tú do cheantar dúchais?
Na radhairc, an suaimhneas agus muintir na háite.
3) Trí fhocal a chuireann síos ort?
Fuinniúil, foighneach agus dearfach.
4) As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
An Phortaingéil is dócha. Bhí an dá rud is tábhachtaí dom féin go fairsing ann: aimsir dheas agus bia álainn!
5) Cén banna ceoil/ceoltóir is fearr leat?
Ó thaobh ceoltóirí de, athraím m’intinn an t-am ar fad. Faoi láthair táim ag éisteacht le cuid mhaith Coldplay ach is dual liom athrú go minic. Ní maith liom bheith ag éisteacht leis an mbanna/gceoltóir céanna an t-am ar fad.
6) An píosa ceoil is mó a chuireann ar siúl thú?
‘Trouble’ le Horselips. Is aoibhinn liom gach rud faoin amhrán sin.
7) Is ceoltóir tú san fhíorshaol. An mbíonn tú ag gigeáil nó i do bhall de bhanna?
Bím ag gigeáil i mo sheomra leapa, sin an méid.
8) An bhfuil aiféala ort faoi rud ar bith?
Níl aon aiféala orm ar chor ar bith.
9) Céard é an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Is cuimhin liom an chéad uair a fuair mé an ‘buzz’ sular sheas mé ar an stáitse nuair a bhí mé timpeall 8 mbliana d’aois. B’shin an chuimhne is mo atá agam.
10. Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire thú?
Imeartas focal. Fiú má tá siad uafásach ar fad, má bhíonn aon rian den t-imeartas focal ann tosóidh mé ag gáire!
Dá mbeifeá ag bualadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Is dócha go rachainn le haghaidh cupán caife leo nó chuig an bpictiúrlann.
12. Rud amháin a thaitníonn leat faoi Aodh agus rud amháin nach dtaitníonn?
An rud is aoibhinn liom faoi Aodh ná cé chomh saonta is atá sé, ní fheiceann tú sin le déagóir sa lá atá inniu ann.
Níl mé in ann rud a phiocadh nach dtaitníonn liom faoi Aodh, bhain mé an-sult as an gcarachtar a chur i láthair.
13.Teilifís nó Stáitse?
Níl mé in ann ceann amháin a roghnú, tá siad chomh difriúil ó chéile. B’aoibhinn liom an dá cheann a choimeád ag dul.
14. Céard é an rud is fearr faoi bheith i d’aisteoir ar EIPIC?
Ag obair leis na daoine is deise riamh. Idir aisteoirí agus fhoireann, bhain mé an-sult go deo as bheith ag obair leo ar fad.
15. Cé hé is cosúla leat?
Bhuel Aodh is dócha. Tá an fuinneamh céanna againn agus, mar atá agam féin, tá sé go hiontach ag freangadh nó ‘twerking’!
16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Cheannóinn cúpla buidéal Cidona agus d’fhágfainn an t-airgead eile sa chuntas.
17. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?
Áit éigean te. Caithfidh mé obair a dhéanamh ar mo dhath gréine!
18. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Níl aon drochnós agam.
19. Buaicphointe saoil go dtí seo?
EIPIC gan dabht. Is é an rud is fearr a rinne mé riamh.
20. Rud ar leith ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo?
Níos mó aisteoireachta ar an stáitse agus ar an scáileán.
Gach rath ar Dhaire amach anseo! Beidh muid ag tiúnáil isteach go EIPIC anocht agus é sa phríomhról!