Is ceoltóir agus aisteoir óg é Fionn Foley atá i bpáirt ‘Sully’ sa tsraith úrnua drámaíochta EIPIC, a chraolfar anocht ar 10in ar TG4. Labhair sé linn faoina óige faoin tuatha, a dhúil i rudaí milse agus an saol cathrach, agus stiúrthóir na sraithe Louise Ní Fhiannachta, ar “bronntanas ó Dhia í d’aisteoirí!”
1. Cárb as duit?
Rugadh mé i nGaillimh, ach is i gCo. na Mí a bhí mé den chuid is mó in aois mo mhacántachta.
2. Trí rud a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú do ar cheantar dúchais?
Talmhaíocht, siopaí folmha agus GAA.
3. Trí fhocal a chuireann síos ort?
Aisteach. Ealaíonta. Cointinneach (quarrelsome), b’fhéidir.
4. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
Bhí mé sa Fhrainc cúig nó sé huaire anois, agus i gcónaí bainim an-sult as an tír, go háirithe na bailte beaga sa deisceart.
Tá siad go hálainn le cuairt a thabhairt orthu ach sílim nach mbeinn in ann a bheith i mo chónaí amuigh faoin tuath – is aoibhinn liom an chathair faoi láthair.
5. Cén banna ceoil/ceoltóir is fearr leat?
Athraíonn sé gach cúpla lá ach beidh mé i ngrá leis na Beatles agus na Pixies go deo. Is é Frank Zappa an ceoltóir is fearr liom.
6. An píosa ceoil is mó a chuireann tú ar siúl?
Faoi láthair táim an-tógtha le “Glanfaidh mé” le Kíla. Táim díreach tar éis teacht ar an mbanna.
7. An bhfuil aon aiféala agat?
Níl fós, is dócha. Tá an ghráin agam ar a bheith ag féachaint siar agus ag múscailt seanchuimhní.
8. Cad í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Nuair a bhí mé timpeall seacht mbliana d’aois, ghortaigh mo dheartháir óg a lámh. Fuil gach áit.
9. An ceoltóir tú san fhíorshaol? An mbíonn tú ag gigeáil nó an bhfuil tú i do bhall de bhanna ar bith?
Yeah, bhíos i mbanna ceoil ó bhíos 12 bliain d’aois agus ón am sin ar aghaidh tá mé i gcónaí ag seinm agus ag scríobh le haghaidh rudaí éagsúla.
Faoi láthair, táim ag scríobh ceoil do dhrámaí ar an stáitse ach bím ag gigeáil go minic chomh maith.
10. Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?
Ó thaobh an ghrinn de, d’fhéadfá a rá go bhfuil ceann críonna agam ar cholainn óg.
Is aoibhinn liom a bheith ag breathnú ar scannáin Charlie Chaplin agus na deartháireacha Marx.
11. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Leadóg boird agus drugaí crua. An gnáthrud.
12. Rud amháin a thaitníonn leat faoi Sully agus rud amháin nach dtaitníonn leat?
Is breá liom go bhfuil sé breá muiníneach agus an chaoi ina bhfuil sé ag iarraidh a bheadh neamhspleách agus saor.
Tá an ghráin agam ar a stíl éadaí agus an ego ollmhór atá aige, ach cuireann sé mé féin i gcuimhne dom ar bhealaí chomh maith agus mé i mo dhéagóir.
13. An bhfuil tú cosúil leis mar sin?
Ar bhealach, ach mothaím go bhfuil rud éigin réalaíoch agus ionrach faoi gach carachtar.
Sin an fáth a bhfuil an clár chomh speisialta sin – is rud úr nua é ó thaobh clár teilifíse in Éirinn é.
14. Céard é an rud is fearr faoi a bheith i d’aisteoir ar EIPIC?
Tá an t-ádh orainn, gan amhras. Tá scéal agus carachtair dhochreidte cruthaithe ag Mike O’Leary agus bhí sé iontach a bheith ag obair le daoine áille éagsúla mórthimpeall orm le linn an taifeadta, ach tá rud éigin go hiomlán draíochtúil faoina bheith ag obair le Louise Ní Fhiannachta. Bronntanas ó Dhia d’aisteoirí í.
15. Teilifís nó ardán?
Tá próiseas difriúil ag baint leo agus bainim an-sult as an dá cheann. Tá níos mó deiseanna carachtair éagsúla a dhéanamh ar stáitse agus is rud iontach suimiúil é sin.
Ach tá fuinneamh flosctha ag baint le teilifís agus ba bhreá liom i bhfad níos oibre a dhéanamh don scáileán.
16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, cad a dhéanfá leis?
Chun an fhírinne a rá, seans nach bhfuil i bhfad níos mó ná sin sa chuntas agam san fhíorshaol!
Níl go leor suim agam i rudaí saolta ná airgead ach is breá liom an chraic, so b’fhéidir cúpla pionta dom féin is mo chairde nó béile blasta.
17. Cad í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?
Meiriceá, gan dabht. Tír bharrúil agus aisteach í agus ba bhreá liom cuairt a thabhairt ar an Úll Mór, Nua-Eabhrac, go luath.
18. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Faraor, tá dúil bhocht agam i rudaí milse. Nílim ach Snickers amháin ó dhiaibéiteas cineál 2 ceapaim.
19. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Tá an t-ádh orm go raibh deiseanna den scoth agam rudaí iontach cruthaitheacha á ndéanamh ó d’fhág mé an scoil.
Bhíos an-bhródúil nuair a fuair mé m’áit ar ollscoil i gColáiste na Tríonóide, BÁC. Agus is as sin a tháinig gach rud eile.
20. Rud ar leith ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo?
Tá brionglóid again faoi bheith ar stáitse Amharclann na Mainistreach. Tar éis sin, beidh brionglóid eile agam, is dócha.
Tá Fionn ar stáitse faoi láthair in ‘Trainspotting‘ atá á léiriú in Amharclann Smock Alley ó Feb 1-13. Ticéid €15/12
Craolfar EIPIC anocht, 4 Feabhra ag 10in, ar TG4 agus díríonn clár a haon ar Sully!