60 Soicind le…

Is aisteoir óg Ciarraíoch í Róisín Ní Chéileachair atá i bpáirt Mona sa tsraithdhráma EIPIC ar TG4 faoi láthair. Chuaigh muid chun cainte le Róisín, atá ag staidéar thall sa Spáinn, faoina ról nua teilifíse, an bród atá uirthi as a bealach féin a dhéanamh go neamhspleách agus a cíocras chun taistil! 


1. Cárb as duit?

Is cailín Ciarraíoch mé go smior! Ní bheidh éinne riamh ábalta é sin a bhaint díom ní dóigh liom.

2. Trí rud a gcuimhníonn tú faoi nuair a shamhlaíonn tú do cheantar dúchais?

Áilleacht, clann, saoirse.

3. Trí fhocal a chuireann síos ort?

Neamhspleách, macánta, teasaí!

4. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

Táim tar éis a bheith sa Phortaingéil cúig huaire le mo chlann, san Iodáil dhá bhabhta le ranganna scoile, i Londain le cairde agus sa Spáinn cúpla babhta chomh maith.

Táim sa Spáinn díreach anois, agus caithfidh mé a rá gur breá le mo chroí é!

Cabhraíonn sé go dtuigim an teanga… formhór an ama!

5. Cén banna ceoil/ceoltóir is fearr leat?

Braitheann sé! Is breá liom aon rud maith ó Beyonce go ceol uirlise, house go clasaiceach.

Má bhíonn sé go maith, taitneoidh sé liom.

6. An píosa ceoil is mó a chuireann tú ar siúl?

Tá liosta ceoil agam, atá curtha le chéile le hamhráin ó scannáin a thaitníonn liom, a chuirim ar siúl go minic ach díreach anois, ‘How Deep Is Your Love’ le Calvin Harris agus na Disciples.

Ep6 Roisin Ni Cheilleachair as Mona in EIPIC 5

7. An ceoltóir tú san fhíorshaol? An mbíonn tú ag gigeáil nó mar bhall de bhanna?

Ní bhím in aon chor! Bhuel, bím ag canadh an t-am ar fad agus uaireanta tógaim páirt i bhféilte ar nós an Oireachtais.

Ní sheinnim faic anois ach nuair a bhíos óg d’fhoghlaimíos conas an fheadóg stáin a sheinm agus ní dóigh liom go ndéanfaidh mé riamh dearmad air.

8. An bhfuil aon aiféala agat?

Níl aon aiféala mór agam fós agus tá súil agam nach mbeidh.

De ghnáth, má theastaíonn uaim rud a dhéanamh nó gan rud a dhéanamh, leanaim mo mhothúcháin ag an am. Lean do chroí!

9. Cad í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

An bhunscoil agus an ceathrú bliain ar scoil. Bhí bunscoil an-bheag againn ach chuamar go dtí an Iodáil agus gach aon rud.

Mar an chéile leis an gceathrú bliain ar scoil. Dheineas ualach rudaí an bhliain sin bainteach le haisteoireacht agus spóirt uisce.

10. Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?

Is iad mo chairde a chuireann ag gáire is mó mé, chomh maith le mo chlann.

Tá acmhainn grinn ait agam ach faigheann siad slí chun mé a chuir ag gáire i gcónaí.

11. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Níl aon tuairim agam! Is dócha go mb’fhearr liom rud spraíúil a dhéanamh ar nós babhláil nó rud éigin. Béile agus scannán chomh maith is dócha. Bhraithfeadh sé ar an nduine.

Mona rogha eile

12. Rud amháin a thaitníonn leat faoi Mhona agus rud amháin nach dtaitníonn?

Taitníonn a láidreacht agus a dílseacht liom. Is ana-chara í.

An rud nach dtaitníonn liom ná go bhfuil sí níos ciúine ná mar atá mise, fiú go bhfuil sí in amanna cosúil leis an tslí a bhíos nuair a bhíos níos óige.

13. Teilifís nó stáitse?

Is maith liom a bheith ar an stáitse ach nuair a cuireadh ós comhair ceamara mé, thit mé i ngrá leis. Tá súil agam é a dhéanamh arís am éigin agus tuilleadh taithí a fháil air.

14. Céard é an rud is fearr faoi a bheith i d’aisteoir ar EIPIC?

Cairde nua a dhéanamh agus an t-eispéireas a fháil rud éagsúil mar é a dhéanamh. Tá sé ar an rud is fearr a dheineas go dtí seo i mo shaol.

15. Cén carachtar is mó atá cosúil leat féin?

Tá Mona cosúil liom nuair a bhíos níos óige. Is cailín ana-chiúin í atá cúthail agus gan puinn muiníne aici aisti féin.

Nílim ró-chosúil léi a thuilleadh ach bhí am i mo shaol go rabhas.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, cad a dhéanfá leis?

Cheannóinn pé béile a theastódh uaim ag an am.

17. Cad é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?

Ba mhaith liom cuairt a thabhairt ar an Ghearmáin. Níl a fhios agam cén fáth ach ceapaim go dtaitneodh an stíl saoil agus an teanga liom. Ba bhreá liom imeacht chun na hIodáile arís chomh maith.

18. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Nílim mí-ghlan ach caithim gach aon rud timpeall mo sheomra. Ní bhíonn sé riamh néata agam.

Chomh maith leis sin is féidir liom casadh óna bheith sásta go feargach ana-éasca.

Mona in EIPIC

19. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Caithfidh mé EIPIC a chaitheamh isteach anseo. Ní chreideas riamh go ndéanfainn rud cosúil leis. Táim bródúil as saol a bheith déanta agam dom féin sa Ghaillimh go neamhspleách.

20. Rud ar leith ar mhaith leat a dhéanamh amach anseo?

Níos mó aisteoireachta a dhéanamh ós comhair ceamara agus tuilleadh taistil a dhéanamh tar éis an choláiste chun áiteanna difriúla a fheiscint.


Cuirigí fáilte roimh Mhona ar chlár na hoíche anocht ag 10in ar TG4, agus í ag glacadh áit an phríomhcharachtair. 

SCÉALTA EILE