60 soicind le…

Is duine de réaltaí lonracha TG4 í Máire Treasa Ní Dhubhghaill a bhíonn le feiceáil ar réimse leathán clár, ó chúrsaí spóirt go cúrsaí popchultúir! Labhair sí linn faoi churaithe Indiacha, The Lego Movie agus an rud is craiceáilte atá déanta aici ar son na Gaeilge…


1. Cárb as duit?

Is as Indreabhán i gCo. na Gaillimhe mé.

2. Dá bhféadfá bheith as áit ar bith eile ar domhan, cén áit a roghnófá agus cén fáth?

Tá mé an-bhródúil gur cailín as Conamara atá ionam agus ní dóigh liom go n-athróidh mé é sin, ach bhí mé i Nua-Eabhrach don chéad uair riamh ar mhí na meala agus ba bhreá liom deis a bheith agam am a chaitheamh ag obair ann mar sin bheadh pas Meiriceánach thar a bheith úsáideach!

3. Cén leabhar is fearr leat?

Déanfaidh sibh gáire faoi seo ach thaitin na leabhair “Twilight” go mór liom, bhí mé sáite iontu nuair a léigh mé iad. Leabhar eile a raibh mé thar a bheith tógtha leis ná úrscéal David Nicholls “One Day” agus tá an-suim go deo agam i ndírbheathaisnéisí. Is é an ceann is fearr liom ná “Ronan O’Gara, Unguarded”.

4. Cad é an rud is fearr faoi do vardrús?

Mo ghúna bainise! Fuair mé glanta é agus curtha isteach i mbosca “órga” speisialta! Agus ba bhreá liom é a chaitheamh uair amháin eile!

5. Céard é an rud is craiceáilte a rinne tú ar son na Gaeilge?

Rinne mé go leor! Ach rud amháin a sheasann amach ná grianghraif Sheachtain na Gaeilge anuraidh. Bhí mé i m’ambasadóir don bhfeachtas agus an lá a raibh muid ag déanamh poiblíochta air sheas mé sa mbáisteach le fear gléasta suas mar mhapa na hÉireann ‘s muid ag déanamh meangadh gáire don cheamara!

6. Fíon dearg nó fíon geal?

Ní ólaim mórán fíona ach dá mbeadh orm cinneadh a dhéanamh roghnóinn fíon dearg.

7. Cén béile is fearr leat?

Is breá liom bia! Taithíonn curaithe ón India go mór liom

8. An bhfuil aon aiféala agat?

Tá cinnte, ach ní chreidim gur fiú a bheith ag breathnú siar ar an am atá caite, foghlaim ceacht, bain taitneamh as an saol i láthair na h-uaire agus bí ag súil leis an todhchaí!

9. Céard é an cuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

A bheith ag dul isteach ag “Peter Pan” (ionad spraoi a bhíodh i nGaillimh) le mo dhaide agus mo dheartháireacha gach Domhnach le scíth a thabhairt do mam sa mbaile don lá!

10. Cad á dhéanfá muna mbeifeá i do láithreoir?

Bheinn i mo mhúinteoir scoile. Tá céim agam sa bun mhúinteoireacht agus chaith mé bliain ag múineadh i nGaelscoil i Sligeach sular thosaigh mé ag obair i TG4 agus thaitin sé thar cionn liom!

maire treasa

11. Cén pearsa teilifíse is fearr leat?

Is aoibhinn liom Graham Norton, tá pearsantacht iontach aige é greannmhar, réchúiseach leis na haíonna a bhíonn ar an gclár aige. Is í Fearne Cotton an láithreoir baineann is mó a thaitníonn liom-chomh maith le bheith ina láithreoir stuama is aoibhinn liom a stíl.

12. Céard an scannán is fearr le linn 2014, dar leat?

The Lego Movie! Bhain mé an oiread suilt as! Is beochan spraíúil é don chlann ar fad.

13. Seacláid nó sceallóga?

Seacláid gan dabht!

14. Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?

Ceist mhaith! Ní dóigh liom go bhfuil na cáilíochta agam mé féin a chur san áireamh le haon duine mór le rá ach tá an breithlá céanna agam le Audrey Hepburn… an gcomhraíonn sé sin?!

15. Céard é an píosa éadaí is fearr leat?

Mo bhríste compordach spóirt! Níl cruth ar bith orthu, níl stíl ar bith acu ach is iad an chéad phíosa éadaí a chaithim orm nuair a thagaim abhaile ón obair!

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Tá mé díreach tar éis bogadh isteach i mo theach nua mar sin tá mo chuid airgid ar fad á chaitheamh ar nithe don teach faoi láthair (an-leadránach!) ach ní cheannóidh €20 mórán mar sin chaithfinn ar éide nua é uaidh Topshop!

17. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi?

Tá liosta fada agam ach seo cúpla ceann atá ar bharr an liosta: An India, An Nua-Shéalainn, An Astráil, Cúba! Bheinn sásta le ceachtar dóibh sin!

18. An stílí/dearthóir is fearr leat?

Ní leanaim dearthóirí faoi leith ach is breá liom roinnt den éadach atá deartha ag Stella McCartney.

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Tá mé cinnte go bhfuil neart! Ach bím an-ghéar orm féin agus nós eile ná go bhfuil mé beagáinín ró-néata!

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Ag pósadh mo ghrá geal John, ag athchóiriú theach mo mhamó agus ag bogadh isteach ann roimh an Nollaig anuraidh, breith mo neacht gleoite Róisín agus aon ócáid speisialta a bhí agam le mo chairde ‘s clann.


Cuirfear tús le sraith úrnua do dhéagóirí, Gleo, á cur i láthair ag Máire Treasa, amárach Déardaoin 8 Eanáir ag 6.25in.

SCÉALTA EILE