A Star is Born, Happy Feet, agus Into the West – sceideal Nollag TG4

Tá an sceideal scannán do thréimhse na Nollag fógartha ag an stáisiún teilifíse Gaeilge TG4. Beidh 16 scannán ar an scáileán beag ag TG4 i gcaitheamh na féile agus rogha leathan curtha ar fáil acu dá lucht leanúna. 

Cuirfear tús le sceideal na Nollag ar TG4 an lá roimh Oíche Nollag (23 Nollaig) go dtí an chéad seachtain den Athbhliain (4 Eanáir). Cuirfear tús le séasúr na dtráthnónta ciúine cois tine leis an seanleagan de Around the World in 80 Days (1956) le David Niven i ról an taistealaí cháiliúil Phileas Fogg.  

Ar na seanscannáin eile a bheidh á gcraoladh ar TG4 i gcaitheamh na Nollag beidh an scéinséir Rear Window (1954) le James Stewart agus Grace Kelly faoi stiúir an mháistir Alfred Hitchcock, agus A Star is Born — ach ní raibh tuismitheoirí Lady Gaga ar an saol nuair a rinneadh an leagan seo de siar in 1937. An scéal céanna, nach mór, atá ann faoi bhean óg (Janet Gaynor) a thagann go Hollywood ar thóir clú agus cáil i saol na haisteoireachta. 

Mar is iondúil do TG4, níl dearmad déanta acu ar scannáin Éireannacha agus Into the West (1992) agus Flight of the Doves ar sceideal na bliana seo. 

Ar ndóigh, bímid uilig ag iarraidh a bheith ag breathnú ar scannán ‘do pháistí’ aimsir na Nollag agus tá rogha mhaith ar an sceideal ag TG4 dúinn, idir Shrek (2001), Dr Seuss, The Lorax (2012), agus Mr Bean’s Holidays (2007). 

Beidh an leagan Gaeilge de Happy Feet 2 á chraoladh ar an stáisiún ar an 23 Nollaig. 

Sceideal na Scannán

23 Nollaig

13.00 Around the World in 80 Days

17.20 Happy Feet 2 (Gaeilge)

21.30 Angels and Demons

Oíche Nollag 

17.20 Dr Seuss, The Lorax

23.00 Dirty Dancing

Lá Nollag 

Lá an Dreoilín 

22.40 As Good as it Gets


28 Nollaig 

13.20 Rear Window

22.20 Fargo

30 Nollaig 

17.20 Mr Bean’s Holiday’s

21.30 Apollo

Lá Caille

22.30 Catch-22 

3 Eanáir

13.00 A Star is Born

4 Eanáir 

21.45 Juno




SCÉALTA EILE