Beidh leagan Gaeilge den chartún iomráiteach Meiriceánach Adventure Time á thaifeadadh ag an gcomhlacht aitheanta athghuthuithe Macalla Teoranta i mBaile Átha Cliath.
Tá aisteoirí á lorg ag Macalla i láthair na huaire le glór Gaelach a thabhairt do Finn, Jake, Marceline the Vampire Queen agus, ar ndóigh, do Lumpy Space Princess, i measc na gcarachtar eile ón tsraith cháiliúil.
Bunaithe ar chartún gairid a rinneadh in 2007 atá an tsraith, cartún a scaipeadh ina loscadh sléibhe ar an idirlíon díreach nuair a bhí na meáin shóisialta ag teacht in inmhe.
Ba ar Cartoon Network a craoladh Adventure Time den chéad uair sa mbliain 2010, agus tá deich sraith den chlár coimisiúnaithe ag an stáisiún sin ó shin. Ba ar Netflix a bhain sé cáil idirnáisiúnta amach agus tá cultas de chineál éigin bunaithe ar an gclár anois, fiú i measc déagóirí agus daoine fásta, cé gur dírithe ar ghasúir atá sé.
Tá seisear á lorg ag Macalla Teo faoi láthair don togra nua: buachaill óg do ról Finn; fear sna fichidí nó sna tríochaidí do ról Jake; bean óg do ról Princess Bubblegum; fear sna tríochaidí nó sna ceathrachaidí do ról Ice King; fear sna fichidí do Lumpy Space Princess; agus bean óg do Marceline the Vampire Queen.
Tá cáil ar Macalla Teo i saol na Gaeilge as feabhas a léirithe agus is iad a rinne an guthú do go leor de na léirithe móra le blianta beaga anuas, leithéidí An Saothraí, Amhrán na Mara, agus Spongebob Squarepants chomh maith le léirithe eile ar nós Tiúibíní, WAC, agus C.L.U.B..