Dé Máirt seo a chugainn a chraolfar Adventure Time as Gaeilge den chéad uair ar TG4. Fógraíodh níos luaithe i mbliana go raibh an comhlacht athghuthuithe Macalla Teo, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, ag obair ar leagan Gaeilge den chartún iomráiteach.
Chuir léitheoirí NÓS an-spéis go deo sa scéal go mbeadh Finn, Jake agus an ‘Lumpy Space Princess’ (sin í an Banphrionsa Cnapach dúinne, a Ghaela) ar an scáileán beag Gaelach an fómhar seo. D’fhógair TG4 Sceideal an Fhómhair i gCorcaigh an tseachtain seo caite, agus chonacthas blaiseadh de leagan nua Gaeilge de Adventure Time ag an ócáid sin.
Sraith fantaisíochta is ea Adventure Time ina ríomhtar eachtraí Finn an Buachaill agus Jake an Madra i dtír Úúú. Téann an bheirt charad i mbun achrainn le bithiúnaigh éagsúla, sábhálann siad corr-bhanphrionsa (cuid acu nach bhfuil ag iarraidh a bheith sábháilte) agus i mbun go leor gníomhartha eile. Ba ar Cartoon Network a craoladh an clár den chéad uair beagnach deich mbliana ó shin, agus lean sé ar aghaidh ar feadh ocht séasúr.
“Bhaineamar an-sult as a bheith ag obair ar an tsraith iontach ghreannmhar seo an samhradh seo, agus cliar den chéad scoth againn ann. Tá muid ag súil go mór lena fheiceáil ar an aer, agus tá súil againn go mbainfidh gach éinne an méid suilt as a bheith ag breathnú air agus a bhain muidne as a bheith ag obair air,” a dúirt Ciara Pollock, léiritheoir na sraithe do Mhacalla Teo.
Bunaithe ar chartún gairid a rinneadh in 2007 atá an tsraith, cartún a scaipeadh ina loscadh sléibhe ar an idirlíon díreach nuair a bhí na meáin shóisialta ag teacht in inmhe.
Ba ar Netflix a bhain sé cáil idirnáisiúnta amach agus tá cultas de chineál éigin bunaithe ar an gclár anois, fiú i measc déagóirí agus daoine fásta, cé gur dírithe ar ghasúir atá sé.
Beidh Adventure Time ar Chúla 4 ar TG4 Dé Máirt an 17 Meán Fómhair ag 17.20.