Tá Mairéad Ní Chuaig ar ais ar ár scáileáin san oíche anocht le sraith nua de WWOOFáil, agus tá ceannscríbe agus comhbhádóir úr aici.
An t-aisteoir Gavin Ó Fearraigh a bheas in éineacht léi an babhta seo agus an bheirt acu ag tabhairt aghaidhe ar Chalifornia SAM le triail a bhaint as an bhfeirmeoireacht orgánach agus eachtraí spleodracha eile.
Sé chlár ar fad atá i WWOOFáil CALIFORNIA agus leanfar Mairéad agus Gavin ó thránna áille an stáit órga go tír na mbuachaillí bó, iad ag bualadh le cairde nua agus ag cur lena gcuid scileanna feirmeoireachta ar an mbealach.
Nach aoibhinn beatha an láithreora!
I measc na n-imeachtaí a dtabharfaidh siad fúthu sa tsraith tá iascaireacht bhradán leis an treabh áitiúil Yurok i Klamath; breathnú ar mhíolta móra i gcuan Morro; déanamh fíon orgánach i Sonoma County; agus scátáil rollála ag an ionad cáiliúil, Church of Eight Wheels, i San Francisco.
Seasann WWOOF do “World Wide Opportunities on Organic Farms” agus téann Wwoofers ar cuairt chuig na feirmeacha, ag fáil leaba agus béilí ar son na láimhe cúnta a thugann siad ar an bhfeirm.
Sna 1970í a cuireadh tús leis an gcleachtas an chéad lá riamh agus tá thart ar 11,000 óstach anois bainteach leis i mbreis agus 100 tír ar fud an domhain.
Tá sé oscailte d’aon duine os cionn 18 bliain d’aois ar suim leo cuidiú ar éici-fheirm agus píosa spraoi bheith acu ag an am céanna… conas a éiríonn le Mairéad agus Gavin sa dá ghné seo?
Beidh le feiceáil anocht!
Tósófar WWOOFáil CALIFORNIA ar TG4 anocht ar 22.10 agus leanfaidh sé ar aghaidh gach Máirt go 17 Feabhra.