Tá na céadta aisteoir breise á lorg i nGaillimh do chlár nua a bheidh á chraoladh ar theilifís na Gearmáine. Tá daoine den uile chineál á lorg do chlár coiriúlachta nua, ach táthar go háirithe sa tóir ar mhná atá idir 40 agus 70 bliain d’aois.
Tá suas le 400 duine á lorg ag West Coast Casting, idir fhir agus mhná, óg agus aosta, don taifeadadh a bheidh ar siúl i nGaillimh agus sa gceantar máguaird as seo go deireadh mhí na Samhna. Tá roinnt bheag páistí agus aisteoirí a bhfuil scileanna ar leith acu ag teastáil freisin.
Sraith choiriúlachta atá i gceist, a bhfuil Gael-Ghearmánach, Cathrin Byrne, ina príomhcharachtar ann. Ba bhall den Gharda Síochána í Cathrin a d’éirigh as agus anois atá ag obair mar shíceolaí. Níl an nasc leis na Gardaí briste ar fad aici, áfach, agus tugann sí comhairle agus cúnamh dá hiarchomhghleacaithe faoi shíceolaíocht na gcoirpeach agus cásanna á bhfiosrú.
Beidh an dráma coiriúlachta lonnaithe i nGaillimh agus tá aisteoirí breise á lorg sa gcathair sin le róil éagsúla ar nós baill den Gharda Síochána, coirpigh, agus gnáthbhaill den phobal a ghlacadh.
Íocfar na haisteoirí breise as a gcuid oibre.