Aisteoirí le Gaeilge á lorg

Tá sobaldráma Gaeilge TG4, Ros na Rún, sa tóir ar aisteoirí nua don chéad séasúr eile agus tá fáilte á cur roimh dhaoine páirt a ghlacadh sna héisteachtaí a bheas ar siúl ar sheit Ros na Rún, ar an Spidéal, Gaillimh ar an 9 agus 10 Márta.

Má tá Gaeilge líofa agat agus spéis agat a bheith i d’aisteoir, “gabh sa seans”.

Sin an teachtaireacht atá ag léiritheoir na sraithe Deirdre Ní Fhlatharta.

“Cuireann Ros na Rún céad míle fáilte roimh chainteoirí Gaeilge a mbua agus a gcumas aisteoireachta a thaispeáint,” ar sí.

“Gabh sa seans agus cuir isteach ar an deis iontach seo páirt a bheith agat ar an chéad sraith eile de Ros na Rún, a thosóidh i mí Lúnasa na bliana seo.”

Tá aisteoirí á lorg do roinnt róil éagsúla ina n-áirítear fear idir 20-25 bliain d’aois, fear sna 30í, bean i lár na 20í, bean sna 30í luatha chomh maith le neart páirteanna eile.

Bíonn 150,000 duine ag amharc ar Ros na Rún in aghaidh na seachtaine, rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na cláir is rathúla ar TG4.

Agus an 21ú séasúr á chraoladh, tá gach ní faoin spéir cíortha ar an chlár – agus gealltar go bhfuil níos mó le teacht fós!


Iarrtar ar aisteoirí ar spéis leo bheith ar an sobalchlár CV agus grianghraif a sheoladh chuig leiriuchain@rosnarun.com nó cuir glaoch ar 091 558400 chun breis eolais a fháil. Beidh Gaeilge líofa de dhíth do gach páirt. Tuilleadh eolais: www.rosnarun.com

SCÉALTA EILE