Aisteoirí óga á lorg do ‘Eipic’

Tá TG4 ag cuartú daoine óga a bhfuil féith na haisteoireachta iontu le páirt a ghlacadh i sraith nua Eipic.

Dráma grinn é seo a dhíríonn ar sheisear déagóirí a chasann i mbanna ceoil indie.

Scéal teacht in aois, faoi dhaoine óga agus iad ar thóir na saoirse agus a bhféiniúlachta féin.

I gcroílár an scéil tá saol an déagóra atá ag fás aníos in Éirinn an lae inniu, agus fuaimrian an cheoil ailtéarnaigh taobh thiar.

Daoine óg fuinniúla a bhfuil líofacht na Gaeilge acu atá ag teastáil chun na carachtair cheolmhara a chur i láthair.

Ní gá bheith in ann uirlis a sheinm ná amhrán a chanadh ach bheadh sé ina bhuntáiste.

Is í Louise Ní Fhiannachta, stiúrthóir an ghearrscannáin bhuach ‘Rúbaí’, a bheas ag stiúradh na sraithe agus Maga Media atá á léiriú.

Beidh éisteachtaí ar siúl i dTrá Lí, Dé Céadaoin 18 Márta.

Éisteachtaí oscailte atá i gceist leis an chéad ghlaoch seo agus níl le déanamh ach CV agus grianghraf próifíle a chur chuig: castingeipic@gmail.com


Tá tuilleadh eolais le fáil ar a leathanach Facebook.

SCÉALTA EILE