Anocht ag leath i ndiaidh a hocht a chuirfear tús le sceideal úrnua TG4 don séasúr amach romhainn agus is breá an réimse cláracha atá i ndán don lucht féachana.
Sraith uimhir 22 – sea 22! – de Ros na Rún a thosóidh clársceideal an fhómhair agus den chéad uair riamh beidh deis ag daoine breathnú ar an dráma clúiteach le nó gan fotheidil, rud a thaitneoidh go mór le sciar suntasach de leantóirí na sraithe.
Ar bhuaicphointí an sceidil tá an dráma nua trí pháirte, Grace Harte (14 Meán Fómhair) atá suite in óstán ar chósta thiar na hÉireann agus a maoiníodh mar chuid den scéim Cine4, a bhfuil sé mar sprioc aici fadscannáin Ghaeilge a fhorbairt.
Tá cuma an-spéisiúil ar chuid de na cláracha faisnéise nua, ina measc Éalú as Éirinn (4 Deireadh Fómhair) a leanann scéal Francisco de Cuéllar, captaen Spáinneach a tháinig i dtír i Sligeach sa bhliain 1588 tar éis dá long briseadh ar an chósta, agus Poc na nGael (6 Meán Fómhair) ina bhfiosróidh fear an Chláir Ger Loughnane an nasc idir an iomáint agus haca oighir.
Cuid de na láithreoirí a bheas le feiceáil i sceideal nua TG4 ag an seoladh i nGaillimh ar an tseachtain seo caite.
Beidh tuilleadh CLG sa chlár Níos mó na Cluiche ina gcíorann Jarlath Burns stair agus tábhacht na gcluichí Gaelacha i gCúige Uladh, ón tús go dtí an lá atá inniu ann.
Tarraingt eile, a bheas ag teacht chuig ár scáileáin ag tús 2018, ná leagan gleoite beochana de leabhar clasaiceach Bhriain Uí Nualláin, An Béal Bocht, ina gcloisfear guthanna Tommy Tiernan, Seán Misteál, Donncha Crowley, agus Bob Quinn.
Agus ar ndóigh fillfidh sraitheanna fadbhunaithe ar nós Laochra Gael, Wwoofáil agus An Ríl Deal, chomh maith le clúdach cuimsitheach spóirt an stáisiúin, sna míonna amach romhainn chomh maith.
Coinnigh ar an eolas faoi na cláracha ar fad, agus breathaigh orthu ar líne, ag tg4.ie