Tá an tsraith teilifíse iontach ar ais ina mealltar daoine chun bogadh amach as teach a dtuismitheoirí agus an chéad phíosa réadmhaoine s’acu a cheannach nó sa chás s’agam, na tuismitheoirí a chur amach as an tseomra leapa cúil… tá mé ag impí oraibh!
Fillfidh an clár Bog Amach ar an teilifís Dé Luain an 12 Bealtaine le haghaidh sraith sé chlár leis an láithreoir Emer Mhic an Fhailí. Dà mba mhaith leat rud ar bith a dhíol, is í an duine í. Tá an clár léirithe ag Strident Media do BBC Gaeilge agus RTÉ le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge.
Nascann Bog Amach “rírá shaol na cathrach le hiargúltacht an teachín tuaithe” chomh maith le “suíomhanna iontacha agus tithe suimiúla le heolas agus comhairle úsáideach ó shaineolaithe réadmhaoine”. Mar chuid den chur chuige, taispeánfaidh Emer trí theach do shealgairí tí sna ceantracha is ansa leo agus atá taobh istigh den bhuiséad.
I gclár a haon, tá Mícheál agus Rhys ag lorg a gcéad bhaile le chéile ach is gá don teach a bheith laistigh de 25 bomaite ó Bhéal Feirste. Taispeánann Emer dóibh gp bhfuil iarhalla na Máisiún ar an mhargadh agus le giota samhlaíochta, thig teach iontach a dhéanamh de. Buailfidh muid le Jill sa tsraith fosta, atá ag iarraidh bogadh go Baile Átha Cliath, ceann de na margaí réadmhaoine is iomaíche in Éirinn, chomh maith le Olivia agus Conor atá ag fágáil slán ag Béal Feirste agus ag bogadh níos gaire do theaghlach Olivia i dTír Eoghain.
Iarrann an ceannaitheoir céaduaire Áine Ní Churtáin cuidiú ar a huncail Seán agus Emer ag cuidiú léi teacht ar theach i Luimneach. Tá lánúin Mheiriceánach, Seanachán agus Amanda, an-tógtha le Gaeltacht Dhún na nGall agus tá Ciara Devaney ag cuardach tí le dhá bhliain gar do Chluain Dolcáin.
Beidh cuid de na tithe réidh le bogadh isteach iontu; beidh cuid eile a bhfuil obair de dhíth orthu. Cuirfear le tuiscint na gceannaitheoirí ar cé chomh fada is féidir leis an airgead síneadh. Is cuma cén chéim den dréimire réadmhaoine ar a bhfuil siad, beidh roinnt dúshlán agus roinnt iontas rompu.
Tosaíonn sraith a dó de Bog Amach ar BBC ar an 12 Bealtaine.