Beidh sraith nua den chlár iomráiteach díospóireachta ‘An Focal Scoir’ ag filleadh ar BBC Two NI, agus foireann an chláir ag díriú ar na ceisteanna móra polaitíochta, eacnamaíochta agus sóisialta atá ag eascairt as paindéim an víris chorónaigh.
Anocht is ar cheist na scoileanna a bheidh láithreoir an chláir, Máire Bhreathnach, agus na tráchtairí Póilín Ní Chiaráin agus Eimear McGovern ag díriú, agus “scolaíocht agus sláinte na bpáistí” ó thuaidh á bplé acu.
Cuireadh moill ar dhéanamh an chláir níos luaithe i mbliana nuair a tháinig na srianta a bhaineann leis víreas corónach i bhfeidhm gan choinne i mí an Mhárta.
“Bhí muid in ainm is dul amach níos luaithe sa bhliain, ach cuireadh isteach orainn agus ní raibh deis againn an tsraith mar a bhí sí pleanáite a thaifeadadh. De réir a chéile, tháinig [an fhoireann] ar ais le chéile ach phléigh muid an tsraith nua. Bíonn muid ag díriú ar achan rud a bhíonn ‘reatha’, agus níl aon rud eile i mbéal an phobail anois ach an víreas, mar sin chinn muid díriú ar ghnéithe difreáilte de sa tsraith.
“Beidh go leor de na daltaí ar ais ar scoil an tseachtain seo, agus beidh muidinne ag díriú ar mheabhairshláinte na bpáistí atá imithe ón scoil le cúig mhí anuas, agus ar cheisteanna ar nós an scartha sóisialta i scoileanna agus na rialacha a bheidh i bhfeidhm le sábháilteacht na múinteoirí agus na bpáistí a chinntiú,” a dúirt Máire Bhreathnach le NÓS.
Beidh ceithre chlár ar fad sa tsraith nua, agus na cláracha á gcraoladh gach Luan ar BBC Two NI as seo go ceann míosa. Ar na hábhair eile a bheidh faoi chaibidil ag tuairisceoir an chláir, Seán Ó Baoill, agus an painéal tráchtairí beidh tionchar an víris ar Ghaeltacht Uladh, ar ghnólachtaí an chúige, ar mheabhairshláinte mhuintir an Tuaiscirt, chomh maith le géarchéim na dtithe altranais.
Ar na tráchtairí a bheidh le feiceáil ar an gclár sna seachtainí amach romhainn beidh leithéidí Chiaráin Uí Phronntaigh, Máire Treasa Ní Cheallaigh, Íte Ní Chionnaith, Gearóid Ó Muilleoir agus Áine Ní Bhreisleáin.
Dúirt Máire Bhreathnach le NÓS go raibh foireann an chláir in amhras go mbeadh an lucht féachana “tinn tuirseach” de scéal an víris chorónaigh faoin am a rachadh an tsraith, a taifeadadh cúpla seachtain ó shin, ar an aer ach go bhfuil níos mó spéise ag daoine ná riamh sna scéalta daonna seo a bhaineann leis an ngalar.
“Níl an pobal tinn tuirseach den phlé, agus tá an scéal ag athrú gach lá. Tá an chuma ar an scéal go mbeidh an dara rabharta ann agus muid ar ais san fhaopach céanna arís,” a dúirt sí.
Bhí tionchar mór ag an víreas ar oibriú Below The Radar, an comhlacht léiriúcháin a dhéanann An Focal Scoir don BBC freisin.
“Dhruid an oifig i mí an Mhárta agus bhí achan duine ag obair ón mbaile, ach amháin nuair a chuathas amach ag taifeadadh. Bhí orainn a bheith iontach cúramach le srianta Covid, agus cuireadh stad leis na cláracha ar fad. Bhí sé ceart go leor a bheith istigh agus tú i mbun eagarthóireacht, ach don chomhlacht anseo tá tromlach na ndaoine go fóill ag obair ón mbaile,” a dúirt Máire.
Beidh an chéad chlár sa tsraith úr de An Focal Scoir ar BBC Two NI anocht ag 22.00, agus an clár sin ag díriú ar chúrsaí oideachais. Beidh sé ar fáil ar sheinnteoir idirlín an BBC ina dhiaidh sin.