An Trucailín Donn

Labhair NÓS le cailín Craoslach Sheila Friel, léiritheoir ‘An Trucailín Donn’, clár faisnéise a chraolfar anocht ag 9.30in ar TG4, a insíonn scéal laoch a ceantair Niall Mac Giolla Bhríde. 


Anocht ag 9.30in craolfar An Trucailín Donn, clár a dhíríonn ar imeachtaí saoil agus oidhreacht Niall Mhic Ghiolla Bhríde, fear Gaeltachta arbh as Craoslach i dTír Chonaill dó.

Ba fheirmeoir, file agus gníomhaí teanga é Niall a chum amhráin mhóra thraidisiúnta i nGaeilge agus i mBéarla mar atá ‘The Hills of Donegal’ agus ‘Mo chró beag ag bun Chnoc an Tí’.

Cé go mbeidh roinnt dá gcuid amhrán mar fhuaimrian ag an chlár – á gceol ag Doimnic Mac Giolla Bhríde – dírítear ar na himeachtaí a thit amach ina shaol tar éis gur cuireadh fíneáil air siocair a ainm a bheith scríofa i nGaeilge ar a charr capaill.

Ag an am sin bhí na céadta cainteoir Gaeilge á gciontú ar chúiseanna a bhain le húsáid na Gaeilge, agus fíneálacha á ngearradh orthu dá bharr.

Niall

Dúirt léiritheoir an chláir, Sheila Friel, gur mhinic a chuala sí faoi Niall ina hóige agus gur iontach an deis a fháil tuilleadh a fhoghlaim faoina scéal agus faoin tionchar a d’fhág sé ar stair na hÉireann.

“Mhair scéal Niall i gcónaí i mbéal na ndaoine, ach cha raibh mórán ar eolas agam faoi agus bhí mé i gcónaí ag iarraidh é sin a fhiosrú,” arsa Shelia.

“Tá tábhacht ar leith leis an scéal seo mar gur scéal náisiúnta é, cé go bhfuil sé áitiúil agus pearsanta fosta agus feictear an dá ghné sa chlár faisnéise seo.”

Léirítear sa chlár gur mhol Conradh na Gaeilge gan an píonós a íoc, gur cúisíodh agus ciontaíodh é sular tugadh an cás chun na hArdchúirte.

Níorbh fhada gur iompaigh an eachtra áitiúil ina chás náisiúnta.

Tarraingíodh an Piarsach féin isteach sa scéal, rud a chuir tús agus deireadh lena shlí bheatha mar dhlíodóir.

“Togra ón chroí é seo agus táim iontach bródúil gur bhailigh muid ábhar agus fianaise ó mhuintir agus ó phobal Mhic Ghiolla Bhríde féin,” a dúirt Shelia.

Seo chugaibh spléachadh beag ar an chlár!


Cuirfidh ‘An Trucailín Donn’ tús le sraithchláir éagsúil Dé Máirt ag 9.30in ar TG4 a thabharfaidh léargas ar scéal an náisiúin.

Tiúnáil isteach gach Máirt ag 9.30in.

SCÉALTA EILE