Anocht ag a 9.30in, beidh tús á chur leis an dara séasúr den tsraithdhráma buach ‘An Klondike 2’ ar TG4. Labhair muid le stiúrthóir na sraithe Dathaí Keane le tuilleadh a fháil amach faoi.
Fágadh ar bior muid ag deireadh na chéad sraithe leis an oiread a thit amach ar Dominion Creek.
Cuimhnígí ar iarracht thútach Shéamuis a dheartháir Tom a mharú le dinimít thíos sa mhianach, an leanbh tabhartha a saolaíodh faoi rún i ndorchadas na hoíche agus seacht ndícheall Stella éalú óna fear céile gránna agus gach ní ar an bhaile.
Clabhsúr corraithe cuí ar scéal a leanann aistear dheartháireacha Uí Chonghaile ó mhianaigh Montanta go dtí an Klondike, agus iad ar thóir an óir.
“Scéal é a shíneann siar tréimhse bliana,” arsa Dathaí Keane, a thóg leis Gradam IFTA sa rannóg stiúrthóra anuraidh ar son na chéad sraithe.
“Sa dara sraith, bhí muid ábalta dul i mbun oibre láithreach bonn mar bhí an scéal leagtha amach againn,” ar sé.
Ó thaobh luas na scéalaíochta, tá difear mór idir an chéad agus an dara séasúr.
Titeann na himeachtaí uile amach sa dara sraith taobh istigh de thréimhse seachtaine.
Tá moladh mór tuillte ag an scríbhneoir scripte Marcus Fleming as “scéal ardluais” a chruthú, dar le Dathaí.
Bhain an fear céanna Gradam IFTA anuraidh sa rannóg Script Dráma is Fearr, le script An Klondike #1.
“Bhí muid ag iarraidh an teannas a chur in iúl, a léiríonn go bhfuil rudaí ag dul in olcas do na deartháireacha Connolly agus don bhaile freisin. “
“Tá níos mó dorchadais ann, caithfidh mé a admháil!” ar sé.
“Ach tá greann fite fuaite sa scéal, fiú amháin nuair atá an t-ábhar féin dorcha, díreach mar a bhíonn sa ghnáthshaol.”
“Is maith liom go bhfuil ábhar grinn sa dráma, greann dóite b’fhéidir, ach tá carachtair ann, abair Soapy Smith, a chothaíonn neart gáire.”
Cuirfear fáilte roimh Soapy, aka Michael Glenn Murphy agus an chuid eile den chliar a bhí páirteach sa chéad sraith, agus beidh cúpla carachtar nua ag teacht chun cinn sna seachtainí amach romhainn nach raibh le feiceáil fós.
Coinnígí súil amach do bheirt chairde le Irish Pat, a bheas á chur i láthair ag Tim Murphy (True Detective agus Sons of Anarchy) agus Duane Howard (thuas), a ghlac ceann de na príomhrólanna sa mhórscannán The Revenant.
Agus an oiread ratha ar An Klondike #1, in áit brú a bheith air, measann Dathaí go bhfuil féidearthachtaí níos mó ag an dara sraith dul i bhfeidhm ar dhaoine anois.
“Ní raibh eolas ag daoine faoin tsraith nuair a craoladh anuraidh é.
“Bheinn ag súil, tar éis gur bhain sé go leor gradam anuraidh, go mbeadh sé in ann dul chun cinn a dhéanamh agus go dtarraingeoidh sé isteach lucht féachana níos mó ón ardán agus aitheantas nua atá faighte aige.”
“Sin an tslí go meallann aon chainéal ar nós TG4 nó RTÉ lucht féachana, tá daoine ag iarraidh dráma a leanúint agus aithne a chur ar na carachtair.”
Cé go bhfuil an scéal suite sna 1890í, tá a lán rudaí ábhartha in An Klondike, atá fíor sa lá inniu agus sin ceann de bhuanna móra na sraithe dar le Dathaí.
“Is dráma seanré é ach tá a lán cosúlachtaí idir é agus an saol sa lá inniu freisin.”
“Tá téamaí ann ar nós sainte, caidrimh clainne nó an tslí go mbíonn daoine ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh beag beann ar dhaoine eile.”
Craolfar ‘An Klondike 2’, le Abú Media, as seo go ceann ceithre seachtaine eile ar TG4. Leanaimis an t-aicsean anocht ag a 9.30in… yee haa!