Tá clú agus cáil ar an úrscéalaí Conallach, Seosamh Mac Grianna, as litríocht úrnua a chruthú don Ghaeilge san 20ú haois.
9 Aibreán 1934 chuir an fear seo as Rann na Feirste chun bóthair ar shiúlóid 300 míle tríd an Bhreatain Bheag agus é ag súil le tinte na cruthaíochta a athfhadú i gceann de na Náisiúin Cheilteacha eile.
Duine neamhghnách a bhí ann, duine an-spéisiúil.
Rinne sé roinnt gealltanas don turas – gan chodladh faoi dhíon, gan a bheith ag taisteal i gcarr nó i dtraein agus gan troid a sheachaint.
Ach an raibh sé ábalta na gealltanais seo a chomhlíonadh?
Cén tionchar a bhí ag an aistear seo ar a chuid scríbhneoireachta?
Sa tsraith trí chlár nua ‘Ar Mo Bhealach Féin’ – a thosóidh Dé Luain 8 Feabhra ar 10in – leanann Seán Mac Labhraí lorg a laoich liteartha tríd an Bhreatain Bheag, agus leabhar Sheosaimh Mhic Grianna ‘Mo Bhealach Féin’ mar threoir aige.
80 bliain i ndiaidh eachtra Mhic Grianna, téann Seán ar an bhealach chéanna, trí na gleannta, na sráidbhailte agus thírdhreach maorga Cymru, le teacht ar léargas pearsanta ar charachtar casta Sheosaimh Mhic Grianna.
Tugann sé cuairt ar fhéile mhór na mBreatnach, an Eisteddfod (barr), díreach mar a thug Seosamh féin, agus ar theach tábhairne an Blue Bell Inn (thíos), áit ar ith Mac Grianna bricfeasta le linn a aistir.
Agus beidh sé ag iarraidh freagra a fháil ar an cheist, cad chuige ar thug duine de na húrscéalaithe is mó sa Ghaeilge air féin an turas maslach, tuirsiúil seo a dhéanamh, agus cad é a ghnóthaigh sé as?
Is sraith é seo de chuid Macha Media. Ná caill é, Dé Luain 8 Feabhra, 10in ar BBC 2.