Deirtear go minic gur na coincheapa is simplí a oibríonn is fearr. Is léir go bhfuil sin fíor, mar go bhfuil Turas Bóthair ar ais arís ar TG4 anocht do shéasúr a trí. Séasúr greannmhar, neamhbhalbh agus ionraice a leanann beirt i gcarr agus iad ag plé topaicí reatha agus ag magadh eatarthu féin.
Sa chéad chlár de shéasúr a trí, leanann muid deich lánúin, idir chairde, chomhghleacaithe, agus fiú tiománaí tacsaí, agus iad ag plé ola CBD, fionnadh colainne, agus cúrsaí trasinscne, i measc rudaí éagsúla eile.
Is aoibhinn an rud é le hamharc air, agus tá muid uilig ciontach as sult a bhaint as a bheith ag cúléisteacht le comhrá duine eile. Cuireann TG4 ardán ar bun leis an bhfonn sin a shásamh, ar nós Gogglebox Shasana, ach níos Gaelaí agus níos fearr!
Is é an príomhfháth gur aoibhinn liom an clár seo, seachas an cúléisteacht, nó go bhfaightear blaiseadh beag de canúintí áille na Gaeilge ar fud na tíre. Sa chéad eipeasóid, tá dhá phéire ann as Tír Chonaill, dhá phéire as Gaillimh agus i Maigh Eo chomh maith, dhá phéire i gCiarraí, agus péire amháin i nDoire agus i mBéal Feirste. Is seans é radharc beag a fháil ar shaol na ndaoine seo, a ngiúmar, a gcairdeas, a smaointe agus a meon saoil.
An maith leo féasóga ar fhir nó fionnadh ar mhná? An dtitfidh siad i ngrá choíche go deo arís? An bhfuil Avril Lavigne marbh agus clón ina háit? Tá na freagraí uilig acu, bhuel dar leo, agus b’fhiú go mór TG4 a chasadh air ar a 8 a chlog anocht le tús a chur le Sceideal Mhór an Fhómhair.