Duine ar bith a bhfuil taithí aige ar an chumha agus ar bhrón an bháis, tá a fhios acu go bhfuil níos mó seans ann go mbrisfeadh a ghol ar dhuine ar an leithreas ná mar a bheadh ag aon ócáid thábhachtach a bhaineann leis an duine a bhásaigh.
Sin an réalachas agus an bharántúlacht a bhaineann leis an sraith nua Dead to Me ar Netflix. Agus deich n-eipeasóid agus 30 bomaite an ceann ann, is furasta gluaiseacht tríd an chéad sraith i ngan a fhios duit féin, agus is doiligh gan a ligin do Netflix an chéad eipeasóid eile a sheinnt go huathoibríoch ag deireadh achan eipeasóid.
Tá an scéal seo dírithe ar an bhaintreach Jen Harding (Christina Applegate) trí mhí i ndiaidh di a fear céile a chailleadh go tobann i dtaisme bhóthair. Fiosraíonn an scéal an cairdeas aisteach a éiríonn as luaithreach na tragóide, agus na dóigheanna éagsúla ina mbíonn muid ag déileáil le caillteanas agus brón mar dhaoine. Léirítear fosta greann intuigthe sa chlár ar dhóigh atá gonta agus réadúil, gan a bheith ag brath ar thróip amaideacha a fhaightear go minic i gcláracha grinn.
Tá ard-chaighdeán aisteoireachta sa chliar, ach go háirithe i gcarachtar Linda Cardellini, a léiríonn pearsantacht aisteach Judy ar dhóigh atá tarraingteach agus mistéireach. B’fhéidir go bhfuil aithne níos fearr ag daoine ar Linda Cardellini mar Lindsay Weir i Freaks and Geeks, nó mar Velma i scannáin Scooby-Doo. Tá tacaíocht láidir tugtha fosta ag James Marsden, Edward Asner, agus Valerie Mahaffey.
Le linn an chláir, tugtar ar thuras chasta muid a fhad is atá Jen ag fiosrú cé a mharaigh a fear céile, agus nochtar scéal casta, dorcha, a spreagann iontas, uafás, agus gáire in áiteanna. Tá léiriúcháin sár-mhaith déanta ag Liz Feldman ar scríbhneoireacht iontach, atá dlúth, réadúil, agus lán teannais. Níl mé ag iarraidh an scéal a mhilleadh oraibh, mar sin níl agam le rá ach go bhfuil mé ag fanacht go géar le sraith a dó.