Banlaochra as Ulaidh


Craolfar clár faisnéise nua, Faoi Gheall ag Éirinn, anocht ag a 10in ar BBC2, a dhíríonn ar thriúr ban as Cúige Uladh a bhí gníomhach in imeachtaí réabhlóide agus cultúir na 20ú haoise.

Déanfaidh an láithreoir, Lynette Fay, iniúchadh ar shaol agus ar shaothar an scríbhneora Alice Milligan a rugadh i dTír Eoghain sa bhliain 1865, agus ar Elizabeth agus Eleanor Corr, deirfiúracha agus gníomhaithe as Béal Feirste a bhí i gCumann na mBan.

Náisiúnaí Protastúnach ab ea Alice Milligan a bhí páirteach i ngluaiseacht chultúrtha agus i saol polaitíochta na hÉireann.

Ba eagarthóir, scríbhneoir agus file í chomh maith a bhunaigh irisí agus foilseacháin éagsúla le linn a saol fada oibre a mhair 60 bliain.

Thuill sí clú agus cáil i measc ceannródaithe cultúrtha a linne, daoine mar W.B. Yeats agus dlúthchara léi, Dubhghlas de hÍde.

Alice Milligan

Ba Chaitlicigh agus Poblachtánaigh fhorásacha iad na deirfiúracha Corr. Bhí páirt ghníomhach acu san Éirí Amach agus sna heachtraí corraitheacha idir 1916 agus 1923.

Léirítear sa chlár gur bhuail an bheirt deirfiúracha le James Connolly roinnt uaireanta an chloig sular ghlac sé seilbh ar Ard-Oifig an Phoist.

Ar chasadh orthu dó, d’iarr an Conghaileach orthu teachtaireacht a thabhairt faoi rún chuig na hÓglaigh sa tuaisceart.

Ag labhairt le NÓS di, dúirt Sheila Friel, léiritheoir an chláir ó Imagine Media, go bhfuil sé tábhachtach aird a tharraingt in athuair ar mhná a d’imir ról tábhachtach in imeachtaí na 20ú haoise.

“Gníomhaithe, smaointeoirí agus ceannródaithe iad Alice, Nell agus Elizabeth, agus tá sé tábhachtach go mbeadh na mná dearmadta seo á gceiliúradh i scéal an Éirí Amach agus i stair na tíre,” ar sí.


Craolfar ‘Faoi Gheall ag Éirinn’ ag a 10in anocht ar BBC2 mar chuid de shraith clár speisialta dírithe ar 1916.

SCÉALTA EILE