Beidh an clár iomráiteach Turas Bóthair ar TG4 anocht agus an tús á chur leis an gceathrú séasúr. Rinneadh taifead ar na turais éagsúla seo ag tús na bliana 2020 – agus beidh míle is céad rud á bplé ag rannpháirtithe an chláir as seo go ceann cúpla seachtain.
Bíonn an-tóir i gcónaí ar an gclár cainte seo ó Waddell Media a thaifeadtar ar fud na hÉireann. Moladh na séasúir a craoladh go dtí seo go mór as a an léargas glé ionraic a tugadh iontu ar mheon agus ar shaol mhuintir na hÉireann.
Beimid ag cúléisteacht le Sorcha & Seoirshín, Mic léinn ollscoile i nGaillimh, agus le Caoimhín agus Niall, seán chairde i Co. Mhaigh Eo. Cuirfimid aithne ar Nóra agus Úna, deirfiúracha i gContae na Gaillimhe, agus ar Mhuiris agus Gabriel ar as an Ríocht iad agus a chuir aithne ar a chéile agus iad ar scoil. Beidh cluas le héisteacht againn le Bríd agus Caoimhe, máithreacha sa Rinn, chomh maith.
Rinneadh an taifeadadh i gcontaetha éagsúla – Dún na nGall, Maigh
Eo, Port Láirge, Ciarraí, Gaillimh, Aontroim agus Doire.
Beidh an clár le feiceáil ar TG4 anocht ag 20.00 agus beidh léirmheas ag Aedín Ní Thiarnaigh do léitheoirí NÓS díreach ina dhiaidh.