Beidh sé seo… EIPIC!

Difriúil. Dána. Dalba.

Sin cuid den chur síos atá déanta ag Paddy Hayes, léiritheoir feidhmeannach EIPIC, ar an tsraith úr spleodrach atá le pléascadh ar ár scáileáin teilifíse Déardaoin 4 Feabhra.

Roimhe sin áfach beidh deis againn ar fad breathnú ar an chéad chlár ar líne nuair a eiseofar é ar Sheinnteoir TG4 Dé Luain seo chugainn, 1 Feabhra.

Is léiriú é an cur chuige nuálach seo ar spiorad na sraithe féin, ar dráma comhaimseartha é a dhíríonn ar shaol corraithe déagóirí sa lá inniu, é lán ceoil, grinn, eascainí, drugaí agus ábhair eile nach mbeadh fonn ort a bheith ag breathnú air os comhair do thuismitheoirí.

Samhlaigh aistear ceoil The Commitments measctha le stíl na mórshraitheanna teilifíse SkinsMisfits, a craoladh ar Channel 4 roimhe, agus beidh tú ar an bhóthar ceart.

1916 an comóradh is mó atá i mbéal an phobail sa tír seo i mbliana ar ndóigh ach is comóradh 40 bliain den phunc-rac é chomh maith, agus bígí cinnte go mbeidh an dá rud ag teacht le chéile in EIPIC.

In áit an GPO is é Oifig an Phoist in áit darb ainm Dobhar lárionad an éirí amach áirithe seo: in áit raidhfilí tá giotáir, drumaí agus micreafóin, agus in áit an Phiarsaigh tá fear anaithnid ar líne a spreagann na hógánaigh chun gnímh!

Tallann úr ar fad atá sa chúigear ógánach atá os comhair an cheamara agus cuirfear duine den chúigear carachtar in aithne an lucht féachana i ngach clár.

Is é Fionn Foley, atá i bpáirt Sully, a thógann áit an cheann feadhna sa chéad chlár, fear óg lán téististéaróin atá ag súil go mbainfidh sé cáil amach lena fhíseáin YouTube, ina mbíonn sé ag ceol leaganacha Gaeilge d’amhráin mhóra an lae.

Ag labhairt dó le NÓS, dúirt Paddy Hayes, ar dhuine de bhunaitheoirí Magamedia atá á léiriú, go bhfuil na haisteoirí le moladh go mór as a gcuid féin a dhéanamh de na carachtair.

“Bhí dúshlán mór roimh an stiúrthóir Louise Ní Fhiannachta agus roimh an léiritheoir Ciara Ní Chormaic ach creidim gur tháinig siad ar na haisteoirí is fearr sa tír do na rólanna seo. Ghlac siad úinéireacht ar na carachtair ar bhealach a bhí an-spéisiúil go deo.”

Scully

Tá 10 mbliana caite ó cuireadh síol na sraithe seo agus dúirt Paddy nár tháinig athrú ar an bhunphrionsabal taobh thiar de ó shin.

“Bhí muid ag iarraidh sraith a dhéanamh le haghaidh déagóirí, sraith ionraic a rachadh i bhfeidhm ar an ghlúin óg agus nach ndéanfadh a bheag díobh, nach mbeadh ‘patronising‘,” a mhínigh sé.

“Chuaigh mé féin go scoil lán-Ghaeilge ach sa tréimhse idir 15-21 thug mé droim láimhe leis an Ghaeilge mar gur mhothaigh mé ag an am nach raibh daoine amuigh ansin ag plé le ceol i nGaeilge, nó le dramaíocht nó an leis an saol comhaimseartha.

“Tá rudaí athraithe ó shin, agus is iontach an rud é, ach go pearsanta ba dheas liom a cheapadh go n-athróidh EIPIC meon na ndaoine óga sin atá ar an tuairim nach bhfuil an Ghaeilge tarraingteach.”

Sárfhoireann de scannánóirí atá taobh thiar den tsraith, ina measc: Louise Ní Fhiannachta, stiúrthóir Rubaí agus Paidí Ó Seá- Rí an Pharóiste atá luaite le go leor duaiseanna, Ciara Nic Chormaic, léiritheoir na sraithe Am an Ghatáir, agus Mike O’Leary, ar duine de scríbhneoirí Misfits é.

“Tá dúshlán ar leith le dráma grinn maith a dhéanamh: d’fhéadfaí an iomarca béime a bheith ar an ghreann nó ar a mhalairt slí ach tá sé aimsithe ag Louise anseo.

“Tá ‘GOA-nóiméid’ ann agus doimhneacht sa scéal agus oibríonn sé thar cionn,” arsa Paddy.

Ón bhlaisín atá feicthe againn go dtí seo agus ón aischothú atá faighte ag an tsraith ó na mic léinn ádhúla sin (thíos) a chonaic na réamhléirithe, tá gach cuma ar an scéal gur fíor dó.


Cuirfear críoch le camchuairt EIPIC timpeall ollscoileanna na tíre in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, san oíche amárach (Dé Céadaoin) nuair a bheas deis ann an chéad chlár den tsraith úr a fheiceáil! Tuilleadh eolais anseo.

Beidh muid ag labhairt le Fionn Foley do ’60 soicind le…’ ar lá craolta EIPIC #1, 4 Feabhra… HUP! 

SCÉALTA EILE