Bígí ‘I Lár an Aonaigh’

Moya Brennan as Clannad, an tráchtaire laochúil Mícheál Ó Muircheartaigh agus an t-aisteoir agus fearr grinn Seán T. Ó Meallaigh (thuas ar dheis), sin díreach sampla de na haíonna speisialta a bheas le feiceáil sa tsraith úrnua den chlár cainte stiúideo, I Lár an Aonaigh.

Seo an tríú huair don chlár – a chraolfar ar BBC2 i mí na Samhna – bheith ar an scáileán agus is ar an deireadh seachtaine beag seo i mBéal Feirste a thaifeadfar na sé eipeasóid os comhair lucht féachana.

Tá deis agat fós bheith i láthair don taifeadadh agus na haíonna thuas, mar aon leis an fhile Nuala Ní Dhomhnaill, an tIar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin agus an scríbhneoir Réaltán Ní Leannáin a fheiceáil beo i mbun agallaimh.

Is iad na craoltóirí Máire Bhreathnach agus Lynette Fay, mar aon le heagarthóir NÓS Tomaí Ó Conghaile, a chuireann I Lár an Aonaigh i láthair agus beidh ceol den scoth le cloisteáil le linn na sraithe chomh maith ó leithéidí Inni K, Boss Sound Manifesto, Breaking Trad agus Nova Collective.

Dá mba mhian leat i do bhall den lucht féachana ar aon cheann de na laethanta taifeadta, díreach déan teagmháil le I Lár an Aonaigh ar uimhir Bhéal Feirste 90 315522 nó seol rphost chuig audience@belowtheradar.tv chun d’áit a chinntiú.

ilaa-lf

SCÉALTA EILE