Cuirfear tús le sraith faisnéise nua Bóthar Buck anocht ar TG4, a leanann an Gael agus ceoltóir aitheanta Rossa Ó Snodaigh, ó Bhaile Átha Cliath go hIarúsailéim, ar an turas céanna a ghlac an buachaill báire ba chlúití is stair na hÉireann, Thomas ‘Buck’ Whaley.
Áirítear Buck ar dhuine de mhór-phearsana Bhaile Átha Cliath le linn na tréimhse ina raibh cáil na réiceála agus an chearrbhachais ar uaisle na cathrach sin, beagán le cois 200 bliain ó shin.
“Buachaill báire de shliocht na n-uaisle ró-shaibhir é Buck,” arsa Rossa le NÓS.
“Is spéisiúil do na Gaeil go raibh gaol clainne idir Buck agus Oliver Cromwell, an bastard, an fear ba mheasa is ba mhíchlúití i stair na hÉireann.
“B’aintín le Cromwell seanmháthair Buck agus ba é an tíoránach Cromwell féin a bhronn talamh mór ar athair Buck i gCill Mhantáin, a chinntigh saibhreas mór do cheann feadhna na sraithe seo.”
Aimsir na bpéindlíthe, thuill athair Buck an leasainm ‘Burnchapel Whaley’ mar gheall ar an líon mór séipéal Caitliceach a dhóigh sé.
Sin an cúlra a bhain leis an Uasal Whaley agus cuirfimid aithne níos fearr ar an fhear féin agus muid ag leanúint Rossa ag taisteal na cruinne, ar muir agus ar talamh, mar a rinne an taiscéalaí féin ag deireadh na 18ú hAoise.
“Tosaíonn an eachtra le geall £15,000 a rinne Buck le Diúc Laighean, sa bhliain 1788, nach n-éireodh leis an turas fada as Baile Átha Cliath go hIarúsailéim agus ar ais a dhéanamh taobh istigh de dhá bhliain,” ar Rossa.
Ag tús na sraithe, téann Rossa go dtí an tsráid chéanna is a bhfuil Teach Laighean agus déanann sé geall le hArdmhéara Bhaile Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh, go dtabharfadh sé an turas slán taobh istigh de thrí seachtaine.
B’iomaí dúshlán a bhí le sárú ag Buck ar a aistear féin go hIarusaléim.
Bhí an Eoraip, an Mheánmhuir, an Tuirc agus an Talamh Naofa le taisteal aige agus bhí cogaíocht agus faltanais go leor idir na tíortha agus na himpireachtaí sa réigiún.
Le linn na sraithe, a léirigh agus a stiúir Brian Reddin ó Dearg Films, beidh Rossa ag léamh ó dhialanna Buck agus ó na cuntais de na hiontais a bhain dó.
Cé go bhfuil deiseanna iompair níos fearr ar fáil sa lá atá inniu ann ag Rossa Ó Snodaigh dá thuras féin, tá dúshláin agus deacrachtaí de chineál eile le sárú aige freisin ar a thuras 11,000km agus 13 tír le trasnú aige.
Ar cheann tá an baghcat ealaíne ar Iosrael, atá sínithe aige.
Bhí sé sásta a rá le NÓS nár sháraigh sé in aon chor é.
Ní mhillfimid an scéal ort faoinar éirigh, nó nár éirigh, le Buck ceann scríbe a bhaint amach agus filleadh abhaile in am.
Beidh ort tiúnáil isteach anocht ag 10.00in.