Bunaitheoir NÓS ag WWOOFáil timpeall na Téalainne ar TG4 anocht!

Cuirfear tús le séasúr nua den tsraith WWOOFáil ar TG4 anocht ag a 10 a chlog agus beidh bunaitheoir NÓS, Tomaí Ó Conghaile, ina láithreoir air in éineacht le láithreoir aimsire TG4 Mairéad Ní Chuaig. Ar thuras bóthair sa Téalainn a bheidh an bheirt Ghael an geábh seo, agus slán fágtha acu beirt le hoifigí teolaí le seal a chaitheamh amuigh faoin aer ag obair ar fheilmeacha orgánacha san Áise.

Is in นครนายก (Nakhon Nayok), i lár na Téalainne, a chuirfidh an bheirt tús lena dturas agus as go brách leo go เกาะลันตา (Koh Lanta), oileán aoibhinn ar Mhuir Andaman, mar a mbeidh siad ag tógáil bothán puiteach, ag baint tae agus ag dul i ngleic le saol na foraoise báistí. Tabharfaidh siad cuairt ar an gcathair เมืองเชียงราย (Chiang Rai), áit a bhfanfaidh siad in ionad téarnaimh a bhaineann leas as an ióga agus an machnamh chun cabhrú le handúiligh drugaí.

Dúirt Tomaí le NÓS go raibh “craic den scoth” aige féin agus ag a chomhláithreoir agus iad i mbun an chláir an bhliain seo caite.

“Tá seantaithí ag Mairéad ar Wwoofáil ar ndóigh ach ba é an chéad uair agam féin é agus bhain mé sult as cuimse as an eispéireas. Bhí an obair ar na feirmeacha orgánacha dúshlánach go leor sa teas – go háirithe do leaid rua cosúil liomsa – ach chuir mé an-suim sa stíl mhaireachtála mhalartach a chleachtann na daoine sin agus san fhealsúnacht a théann léi. Cá bhfios nach dtosóinn féin togra orgánach amach anseo?!

 

“Thug muid cuairt ar fheirmeacha i ngach cearn den Téalainn, sna sléibhte ó thuaidh, sna hoileáin ó dheas agus fiú i gCathair Bangkok féin. Is iomaí radharc agus tarraingt iontach a chonaic muid, agus bhlais muid bia thall ansin nár bhlais muid riamh roimhe inár saol – anraith nead éin, aon duine? Ní hamháin sin ach fuarthas blaiseadh díom féin chomh maith nó bhain céadchosach nimhiúil, agus moncaí beag dána, greim asamsa le linn an turais. Bhí sé cineál scanrúil ag an am ach thug Mairéad aire mhaith dom agus tháinig mé slán!” a dúirt sé.

Dúirt Tomaí gur “bealach iontach” é an WWOOFáil le taisteal agus go gcuireann sé “le tuiscint an duine ar an domhan” agus go dtugann sé deis do dhuine cabhrú le “tionscnaimh thábhachtacha inbhuanaithe”.

Is éard atá i gceist leis an WWOOFáil (Worldwide Opportunites on Organic Farms) taisteal a dhéanamh ar bheagán costais agus tú ag fanacht ar fheilmeacha orgánacha ar fud an domhain ag cabhrú le hobair na feilme. Is é seo an cúigiú séasúr de WWOOFáil, a ainmníodh do Ghradam na Meán Ceilteach agus do IFTA cheana.

SCÉALTA EILE