D’fhógair Fuacht TG4 aréir go bhfuil lucht an stáisiúin Ghaeilge an-bhuartha ar fad faoina láithreoir aimsire, Caitlín Nic Aoidh, a d’imigh go tobann as amharc Oíche Shamhna le linn di a bheith ag déanamh réamhfhaisnéis na haimsire beo ar an aer.
Níl tásc ná tuairisc ar Chaitlín ó bhuail buille tintrí í a fhad is a bhí sí ag insint don lucht féachana go raibh drochstoirm ar a bealach ón Atlantach isteach go Conamara.
Is cosúil gur beag aird a bhí ag formhór fhoireann TG4 ar an eachtra ag an am óir bhí siad gafa leis an ullmhúchán don mhórcheiliúradh 20 bliain ar bhunú an stáisiúin an oíche chéanna.
Craoladh tuairisc theilifíse leis an iriseoir Irene Ní Nualláin tráthnóna inné ar Fuacht TG4 inar labhair sí le comhghleacaí Chaitlín in TG4, Micheál Ó Ciaraidh.
Bhí Micheál ar dhuine de thriúr a bhí i láthair sa stiúideo nuair a thit an eachtra aisteach amach.
Baineadh stangadh as gach duine acu, agus níl míniú le tabhairt ag an Chonallach ar ar tharla.
Bhí sé cinnte de rud amháin áfach: nach bhfuil dóigh ar bith ann go ndeachaigh bean Chloich Chionnaola amach ar dhoras an stiúideo óir bhí sé féin agus duine eile ina seasamh in aice leis an doras.
Chuir Micheál físeán ar fáil a thaifead sé ar a ghuthán póca i stiúideo na haimsire i gceanncheathrú TG4 i mBaile na hAbhann agus Caitlín ag dul do réamhfhaisnéis na haimsire.
Feictear Caitlín ag imeacht as amharc go tobann nuair a bhuaileann buille tintrí í gan choinne.
Thug Micheál le fios go raibh “rudaí neamhghnácha” ag titim amach ar Snapchat TG4 Oíche Shamhna agus le cúpla lá roimhe sin. Ní fios go fóill an bhfuil ceangal ag na rudaí sin le himeacht Chaitlín.
Sula n-amharcann sibh ar an fhíseán seo thíos, a chairde, cuimil na súile – agus cuimil go maith iad – óir tá rud éigin thar a bheith aisteach go deo ann.
Is cosúil go bhfuil beirt Chaitlín sa seomra feistis agus í ag ullmhú dá mír aimsire.
Agus mar bharr ar an mhistéir, an oíche chéanna, i snap eile, is cosúil go raibh Caitlín sa scáthán ag déanamh a rogha gluaiseachtaí féin.
Tuairiscíodh go raibh drochrudaí ag tarlú do Chaitlín i rith an lae Dé Sathairn ar Snapchat TG4 agus nach raibh sí ar a suaimhneas ar chor ar bith.
Mar a bheifeá ag súil, tá na heachtraí aisteacha seo ar fad ag spreagadh cainte agus tuairimíochta.
Aréir bhí Newsnight ar RTÉ ag fiosrú faoin eachtra, bhí sé ag an Huffington Post agus ag Mashable inné, agus bhí #TG4XX ag treochtú in Éirinn agus i Sasana inné.
Táthar ann a deir go bhfuil seans ann go raibh lámh sa scéal ag an Neach Neamhshaolta, an púca céanna a bhí faoi agallamh ‘60 Soicind’ anseo ar NÓS an deireadh seachtaine seo caite.
Ní raibh sé le feiceáil in aon chor ag an chóisir mhór sa Quad Oíche Shamhna in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh leis na púcaí eile.
D’admhaigh an Neach san agallamh le NÓS go raibh dúil mhór aige in Caitlín agus gur bhreá leis a bheith ag obair mar láithreoir Snapchat ar an stáisiún.
Caithfear a rá nach bhfuil aon fhianaise cheart ann ag an phointe seo faoin neach a bheith bainte leis an eachtra nó saor ó mhilleán.
Tá ráite ag TG4 go mbeidh preasráiteas á eisiúint faoi cheann cúpla lá acu nuair a bheidh eolas cinnte acu.
Idir an dá linn, tá siad ag impí ar an phobal aon eolas atá acu faoi bhean Chloich Chionnaola a thabhairt dóibh.
An bhfuil aon eolas agaibh?
Please contact us on Snapchat: TG4tv if you have any info #tg4xx #CábhfuilCaitlín pic.twitter.com/1sIK6usctt— TG4 (@TG4TV) November 1, 2016
#CábhfuilCaitlín