Tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta curtha amach faoin easpa Gaeilge a bhí le cloisteáil ar an Late Late Toy Show a craoladh aréir. Bhí an saol is a mháthair ag breathnú ar RTÉ One aréir agus an Toy Show á chraoladh beo ó Dhomhnach Broc go dtí na ceithre hard, agus ainneoin go bhfuiltear á mholadh go hard ar na meáin shóisialta ó shin, d’fhág clár na hoíche aréir drochbhlas i mbéal na nGael.
De réir na cosúlachta, bhíothas níos sásta, go ginearálta, le clár na bliana seo ná mar a bhí le mórán cláracha eile le blianta beaga anuas. Leagadh béim ar scéalta pearsanta na ngasúr, labhraíodh go tuisceanach faoi théamaí tromchúiseacha a imríonn tionchar mór ar dhaoine óga — an eisimirce, tinneas sa teaghlaigh, agus an bhulaíocht ar scoil — agus coinníodh draíocht na Nollag agus an Toy Show féin i lár an aonaigh.
Go deimhin, bhí comhfhreagraí teilifíse NÓS, Póilín Nic Géidigh, ar mhuin na muice agus í ag tráchtaireacht beo ar imeachtaí na hoíche ar chuntas Twitter NÓS.
Ach ní mó ná sásta a bhí go leor tuismitheoirí Gaeltachta, agus tuismitheoirí taobh amuigh den Ghaeltacht atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge, go ndearnadh neamhaird iomlán ar an nGaeilge ar an gclár teilifíse is mó do ghasúir in Éirinn.
Ní raibh aon mhír i nGaeilge ar an gclár, níor pléadh aon leabhar Gaeilge ar mhír na leabhar, níor cuireadh aon bhréagán ná cluiche a raibh an Ghaeilge lárnach ann i láthair an lucht féáchana agus níor cuireadh aon chomhlacht Gaeltachta chun cinn le linn an chláir.
Bhí caint go leor ar na meáin shóisialta le linn The Late Late Toy Show aréir, agus ar feadh an lae inniu faoin neamhaird seo ar an teanga náisiúnta, agus go háirithe ar pháistí óga a bhfuil Gaeilge acu nach bhfaca aon ionadaíocht a bpobal féin ar an gclár. Luadh lucht cáinte an chláir an éagsúlacht a cuireadh chun cinn i réimse eile den saol aréir, ach gur fágadh an éagsúlacht teanga atá againn in Éirinn ar lár.
Dúirt Róisín Ní Mhaoláin, a rugadh agus a tógadh i nGaeltacht na Gaillimhe, nach bhfaca sí féin a macasamhail riamh ar The Late Late Toy Show agus í ina a cailín óg agus gur údar díomá di anois agus í ina bean fhásta go bhfuil an leatrom fós á dhéanamh ar ghasúir na Gaeltachta.
I'm a Gaeltacht kid (even if I'm a bit older now) but I never saw children who represented me on #thelatelatetoyshow! Children who spoke my language #gaeilge! I definitely saw the Toy Show as a fun show but never something that represented me.
— Róisín Ní Mhaoláin (@roisnagaillimhe) November 30, 2019
Bhí an t-amhránaí óg as Ros Muc, Róisín Seoighe, chomh míshásta céanna faoin easpa Gaeilge ar an gclár.
@RTELateLateShow #latelatetoyshow is hell bent on representing everybody except our Irish language that has been here for thousands of years .
— Róisín Seoighe (@RoisinSeoighe) November 30, 2019
Cén fáth a bhfuil anoirid sin imní ag RTE faoi cúrsaí éagsúlachta agus níl duine amháin féin ar an toy show a labhair focal Gaeilge?
Bhí dóchas roimh an gclár ag duine de bhunaitheoirí an Pop Up Gaeltacht, Osgur Ó Ciardha, go bhfeicfeadh a pháistí siúd daoine eile óg ag labhairt i nGaeilge ar an gclár, ach níor fíoraíodh a mhian.
A @RTELateLateShow dhil,
— Osgur Ó Ciardha (@OsgurOCiardha) November 30, 2019
Tréaslaímid libh de bharr seó ionchuimsitheach i mbliana.
Le bhur dtoil, don bhliain seo chugainn bíodh páistí Gaeltachta, páistí le Gaeilge, fiú leabhair Ie Gaeilge agaibh. Is ann dóibh agus is trua iad a bheith fágtha ar lár.#IsAnnDúinn
Bhíodh leabhair Ghaeilge á bplé anois agus arís ar The Late Late Toy Show ach níl aon rialtacht i gceist leis an mír leabhar agus ní léir go bhfuil aon pholasaí ag RTÉ i leith na teanga ar an gclár.
Thug RTÉ le fios do Tuairisc.ie níos luaithe i mbliana nach bhféadfaí “aon gheallúint a thabhairt” go mbeadh an Ghaeilge mar chuid de chlár na bliana seo, cé go rabhthas ag glacadh le hiarratais i nGaeilge. Dúradh gur próiseas “roghnúcháin cothrom agus neamhspleách” atá i bhfeidhm ag RTÉ.