Caitlín splancúil TG4 ar ‘Have I Got a Bit More News for You’


Tá na milliúin duine fud fad na cruinne tar éis Gaeilge a chloisteáil den chéad uair riamh a bhuí le cleas cliste TG4 ar Oíche Shamhna nuair a buaileadh an láithreoir aimsire Caitlín Nic Aoidh le splanc thintrí agus a d’imigh as radharc.

Scaip an scéal go forleathan in Éirinn agus thar lear ach níl deireadh go fóill leis an phoiblíocht idirnáisiúnta atá á mealladh ag an stáisiún mar san oíche aréir ar ‘Have I Got a Bit More News for You’, clár clúiteach grinn de chuid an BBC, pléadh an cleas ar mhír sa chlár.

Mar atá le feiceáil thuas, bhí Victoria Coren Mitchell sa suíochán láir le Paul Merton, Andy Hamilton, Ian Hislop agus Tim Loughton ag baint sult mór as cleasaíocht speisialta an stáisiúin Ghaeilge.

Cluineann muid chomh maith go mbeidh tuilleadh nuálaíochta ag TG4 dúinn gan mhoill mar sin dealraíonn sé go leanfaidh an dea-phoiblíocht leitheadach go ceann tamaill eile!