‘Casadh sa Cheol’: sraith nua nár mhaith leat a chailleadh!

“Dá gcuirfeá an ‘BBC Live Lounge’ agus ‘Wife Swap’ le chéile, seans go dtiocfá ar choincheap na sraithe úire ‘Casadh sa Cheol’, á léiriú ag Triplevision do TG4.” — Triplevision Productions

Sin cur síos gonta greannmhar ar shraith nua teilifíse ina gcuirfear casadh in aistear ceoil na gceoltóirí agus na mbannaí atá faoi rún fós. In achan eagrán, tabharfaidh beirt cheoltóirí, dhá bhanna ceoil, nó ceoltóir agus banna faoi dhúshlán ina mbrisfidh siad talamh nua ina ngairm.

Déanfaidh na taibheoirí malartú amhrán cúpla lá roimh lá an taifeadta. Ní hionann seánraí na n-amhrán, áfach, agus ní hionann stíleanna na gceoltóirí ach oiread. Ní hea. Sin an áit a dtagann an ‘casadh’ isteach. Beidh ceoltóirí popcheoil ag déanamh a léirithe féin d’amhrán hip hop. Bainfidh bannaí rac-cheoil geábh as an cheol thraidisiúnta.

I ndiaidh cúpla lá cleachtaidh, déanfaidh na ceoltóirí a leagan féin den amhrán mhalartaithe os comhair lucht féachana ar an Belfast Barge. Ar ndóighe, beidh an ceoltóir nó an banna eile i láthair chun an leagan nua seo a fheiceáil fosta. Ciotach? B’fhéidir! Ach beidh le feiceáil…

Beidh deis ag lucht féachana dul ar na cheolchoirmeacha trí fhoirm a líonadh amach anseo. Titfidh siad amach ar na dátaí thíos ó 18:15-21:00 ar an Belfast Barge agus coinneofar na ceoltóirí faoi rún go dtí sin.

30 Aibreán
12 Bealtaine
21 Bealtaine
22 Bealtaine
30 Bealtaine
05 Meitheamh

SCÉALTA EILE