‘Céasadh atá ann breathnú ar fheasachán de chuid ‘Nuacht TG4′ anois’

Faoin tráth seo, tá cleachtadh againn mar Ghaeilgeoirí nach mbeidh aon seirbhís a thugtar dúinn chomh maith céanna leis an tseirbhís a thugtar do Bhéarlóirí. Chuir mé an-spéis sa méid a bhí le rá ag Alan Esselmont ag an gComhchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal na Gaeilge le deireanaí. Mar iarbhall den seomra nuachta, aontaím leis. Tá an tseirbhís briste. Níl sé sách maith don lucht féachana (an méid acu atá fanta) agus níl sé sách maith ach oiread don fhoireann atá ag iarraidh a bheith ag obair go fuinniúil, ach nach bhfuil an deis sin á thabhairt dóibh. 

Labhair ceannasaí RTÉ, Jon Williams, ag an gcomhchoiste céanna, agus rinne sé mórtas as go raibh RTÉ ag soláthar 250 uair a chloig de chláir nuachta agus cúrsaí reatha i nGaeilge chuile bhliain. Agus go raibh seirbhís ar-líne acu chomh maith. Bualadh bos. Faraor, níor cuireadh aon cheist air faoi chaighdeán na gclár seo. Céasadh atá ann breathnú ar fheasachán iomlán de chuid Nuacht TG4 anois.

Arís, ar fhaitíos go gceapfadh aon duine go bhfuilim ag cur aon mhilleán ar na daoine atá ag déanamh na gclár seo, nílim. Níl aon neart acu air. Tá beagnach leath uair a chloig de chlár le cur le chéile chuile lá, agus níl dóthain acmhainní ná daoine ann chun é a dhéanamh go paiteanta.Níl ann ach pictiúirí a thógtar ó RTÉ agus athghuthú, scéal eicínt faoin nGaeilge, agus cúpla agallamh le daoine nach bhfuil Gaeilge acu, ach a d’fhoghlaim blúirín cainte agus a taifeadadh naoi n-uaire go dtí go raibh dóthain ann chun iad a chur isteach i bpacáiste. 

Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil cuid acu á léamh de pháipéar, nó gur fhoghlaim cuid acu an blúirín cainte de réir fhoghraíocht an Bhéarla. Cur i gcéill. Cén lucht féachana atá sásta leis sin mar sheirbhís? Tá an lá a bhí pobal na Gaeilge sásta a bheith ag breathnú ar Ghaeilgeoirí eile imithe. Mura bhfuil téagar sa gclár, ní chuirtear aon spéis ann. Is iomaí uair nach gclúdaítear scéal mar nach bhfuil aon Ghaeilgeoir ar fáil le labhairt faoi. An sin le rá nach bhfuil spéis ag Gaeilgeoirí sa scéal? 

Tá easpa ceannasaíochta eagarthóireachta ag tarlú, tá lagmhisneach ar bhaill foirne, agus tá an feasachán ag éirí níos laige chuile bhliain. Tá baill foirne imithe, mise ina measc. De réir mar a thuigim, tá iarratais déanta ag roinnt ar phacáistí iomarcaíochta arís i mbliana. Bratach dhearg eile. Sin a tharlaíonn nuair nach bhfuil aon deis ag daoine dul chun cinn a dhéanamh ina ngairm bheatha. Nuair atá siad sáinnithe sa jab céanna lá i ndiaidh lae. Bhí an obair crua ariamh. Tá sé níos deacra anois agus líon na gceamaradóirí ciorraithe. Cén chaoi ar féidir ‘súil eile’ a chraoladh nuair nach bhfuil fáil agat ar shúil do cheamaradóra féin? 

Teastaíonn ceannasaíocht neamhspleách eagarthóireachta ó Nuacht TG4. Ní féidir é sin a dhéanamh go mbeidh dóthain baill foirne ann le freastal ar Nuacht RTÉ agus ar TG4. Ní mar atá ag tarlú faoi láthair. Iarrachtaí á ndéanamh an dá shraith a freastal agus gan ceachtar acu ag feidhmiú. Níl fiú deis agam labhairt faoin lorg digiteach nach bhfuil againn. Cé go bhfuil lucht féachana teilifíse ag titim go ginearálta, tá siad ag breathnú air ar a gcuid fónanna. Ní féidir breathnú ar rud nach bhfuil ann (agus sula dtosnaíonn aon duine orm, ní hioninn cúpla tvuít agus script i nGaeilge ar shuíomh RTÉ agus straitéis dhigiteach).

Ba bhreá liom a fháil amach cé mhéid duine a bhreathnaíonn ar an gclár. Nó cé mhéid duine a bhaineann úsáid as mar phríomhphointe eolais. Níor tugadh figiúirí oifigiúla dom ariamh, ach céadatáin den sciar lucht féachana. Tuilleadh cur i gcéill.

 Bhí aithne agam ar dhaoine i nDomhnach Broc, áfach, a bhí in ann iad a thabhairt dom go neamhoifigiúil. Bhí siad scanrúil. An méid sin struis, saothair agus oibre agus gan deoraí ag breathnú orainn. Tá seirbhís níos fearr dlite ag pobal na Gaeilge, agus ag na daoine atá ag obair ann.