Ba bhrónach an scéal é nuair a fógraíodh ag deireadh na bliana seo caite gur cailleadh an t-aisteoir Marcia Wallace, a raibh clú mór uirthi as an ghuth iontach a thug sí do Enda Krabapple sna Simpsons ar feadh 23 bliain.
I ndiaidh a báis, bheartaigh léiritheoirí an chláir – atá anois ina 26ú séasúr – an carachtar a tharraingt siar go buan.
Ach b’eisceacht í Wallace sa mhéid agus nach ndearna sí ach guth d’aon charachtar amháin sa tsraith.
Cé gurb eol do go leor againn gurb é Dan Castellaneta, a dhéanann guth Homer Simpson, an t-aisteoir céanna atá taobh thiar de ghuthanna ar nós Daideo Simpson agus Krusty the Klown (i measc 23 ceann eile!), léirítear réimse na n-aisteoirí go léir go soiléir sa chairt spéisiúil seo thíos, a bhuíochas le kotaku.com.
Deacair a chreidbheáil go ndearna 12 duine 126 guth!