Níl aon rud cosúil le hiomaíocht teaghlaigh, agus tá an tsraith úrnua de Feirm Factor – atá le tosnú oíche amárach ar TG4 – lán de!
Go dtí seo sa chlár is iad iomaitheoirí aonair a bhí i gcomórtas lena chéile agus ach seo chugainn Clann Feirm Factor – cur chuige nua ina rachaidh foireann de cheathrar ó theaghlach amháin i gcoimhlint le teaghlach eile i ngach eipeasóid.
Is cinnte go gcuirfidh an cor úr seo faobhar breise le teannas na sraithe, go háirithe agus duais ollmhór de €20,000 le baint ag an teaghlach feirmeoireachta is fearr sa tír!
Tá moltóirí géarchúiseacha ann arís chun breithiúnas a thabhairt ar iarrachtaí na dteaghlach agus is iad an triúr a gcaithfidh na clanna dul i bhfeidhm orthu ná: an feirmeoir déiríochta Sean Ó Lionáird; an máinlia tréidliachta Peadar Ó Scanaill as Cill Dhéagláin na Mí; agus an láithreoir aitheanta teilifíse as Conamara, Síle Nic Chonaonaigh.
Is í Síle Ní Bhraonáin a bheas i mbun láithreoireachta.
Mar aon leis an tsiamsaíocht, tugann Feirm Factor léargas ar na scileanna atá de dhíth i dtionscal ardchaighdeáin feirmeoireachta na linne seo.
Is gairm dhian í – níl aon laethanta saoire ar fáil, ná saoire bhreoiteachta, agus déan dearmad ar uaireanta oibre oifige. Obair sheasta, gan stop í, ag déileáil le fadhbanna agus le tascanna éagsúla, agus beidh na dúshláin sin le feiceáil le linn na sraithe.
Tá meascán maith tascanna ann, tarracóir a thiomáint ar bhac-chúrsa, aois agus meáchan ainmhí a thomhais agus tráth na gceist ar eolas talmhaíochta. Is é an chlann is fearr i mbun na dúshlán sin a rachaidh abhaile leis an €20,000.
Thosaigh Feirm Factor siar in 2008 agus, creid é nó ná creid, bíonn sé le feiceáil ar fud an domhain ar CCTV7 na Síne, chomh maith lena bheith ar scáileáin i gcúig thír Eorpacha agus sa Nua-Shéalainn.
Cuirfear tús le Clann Feirm Factor ar TG4 ag 8.30in amárach, Dé Domhnaigh 11 Eanáir.