Tá an clár Toraigh: Creag Bheag i Lár na Farraige, a craoladh ar TG4 den chéad uair in 2019, ainmnithe don ghradam don chlár faisnéise is fearr ag Gradaim an Royal Television Society.
Tugadh spléachadh sa chlár faisnéise, a moladh go hard tráth a chraolta, ar shaol na n-oileánach le linn tréimhse chorrach san oileán agus is ann atá na míreanna deireanacha físe a taifeadadh de Rí Thóraí Patsy, Dan Mac Ruairí, a fheiceáil. Bhí lucht an chláir san oileán nuair a bhí ceist chonspóideach an bháid farantóireachta go mór i mbéal an phobail agus pléadh an cheist sin agus ceisteanna eile a bhí ag déanamh imní do phobal an oileáin Gaeltachta sa chlár.
Ainmníodh ceithre chlár eile a craoladh den chéad uair ar TG4 do ghradaim eile freisin: Is Olc an Ghaoth, Laochra Gael, Cogadh ar Mhná, agus Sol.
Gearrscannán “greannmhar brónach” is ea Is Olc an Ghaoth ina ríomhtar scéal bheirt deartháireacha in Acaill i nGaeltacht Mhaigh Eo, beirt sheanfhear atá ag dul i ngleic le bás i measc a muintire ag leis an gcaidreamh corrach atá acu lena chéile. Tá an gearrscannán ainmnithe sa chatagóir Drámaíochta.
Sa chatagóir spóirt atá Laochra Gael, clár sa tsraith CLG faoi Kieran Donaghy. Tá an clár Cogadh ar Mhná ainmnithe sa chatagóir do chláir speisialta ‘fhíorasacha’, clár faoin bhforéigean gnéis in aghaidh na mban le linn Réabhlóid na hÉireann. Scannán do pháistí is ea Sol ina bpléitear téama an bhróin.
Bhí 126 clár istigh ar na gradaim agus ainmníodh 27 acu sin i naoi gcatagóir éagsúla.