I ndiaidh ‘Bandersnatch’, eipeasóid idirghníomhach a raibh go leor trácht agus tóir air an Nollaig seo caite, bhí go leor oibre le déanamh ag cruthaitheoir Black Mirror Charlie Brooker le móiminteam a chláir a chaomhnú.
Seo anois an cúigiú séasúr de Black Mirror, agus is ábhar imní é do cuid mhór den lucht leanúna go bhfuil an tsraith ag cailleadh an fhaobhair tharraingtigh sin a rinne chomh mealltach é sa chéad áit.
Níl ach trí eipeasóid sa séasúr seo, cosúil leis an chéad séasúr, ach is beagán sin igcomparáid leis an ngnáthmhéid de shé eipeasóid a ndeachaigh muid i dtaithí leis le dhá shéasúr anuas. Shílfeá, mar sin, go mbeadh an láidreacht chéanna ag baint leis an tsraith seo agus mar a bhí leis an chéad sraith, ach is dócha gur líon na n-eipeasóid an áit a dtagann deireadh leis na cosúlachtaí idir an dá chuid. Clár pléascach ar ghnách leis drithlíní a chur tríot, anois tuirseach agus intuartha.
Tosaíonn an chéad eipeasóid ‘Striking Vipers’ go measartha láidir, ag déanamh trácht ar gnáthshaol agus gnáthchaidrimh idir chairde agus iad fásta agus teaghlach acu. Léiríonn sé na féidearthachtaí le VR agus an dainséar atá ann tú féin a chailleadh i saol inláimhsithe, chomh maith leis an damáiste gur féidir a dhéanamh le do chaidrimh agus le do shaol pearsanta.
Bogann an tsraith ar aghaidh le ‘Smithereens’, tráchtaireacht shóisialta ar staid na gcomhlachtaí teic agus an méid eolais pearsanta a thugann muid dóibh go toilteanach. Déanann Andrew Scott (Sherlock, Fleabag) léiriú an-chumhachtach ar an phríomhcharachtar dobrónach, rud nach gcuirfeá iontas ar éinne. Is scéal casta é a nochtann deacrachtaí daonnachta, ach mothaíonn an scéal cineál maíteach agus intuartha in áiteanna, rud nach bhfuil feicthe an oiread sin go dtí seo sa tsraith.
Tagann an eipeasóid dheireanach “Rachel, Jack, and Ashley Too” le teacht i láthair ó Miley Cyrus mar, iontas na n-iontas, réalta popcheoil atá ag iarraidh briseadh ar shiúl ón gcarachtar bréagach atá cruthaithe ag a foireann bainistíochta. Mar eipeasóid, dhéanfá dearmad go raibh tú ag amharc ar Black Mirror agus ní ar scannán diostóipeach do dhéagóirí. Níl sin le rá go bhfuil an clár le cáineadh, go díreach nach bhfuil sé chomh dorcha nó teicniúil le gnáth-eipeasóid Black Mirror.
Go simplí, má tá tú ag iarraidh blaisín den Black Mirror ar thit tú i ngrá leis, amharc ar an chéad eipeasóid, má tá tú ag iarraidh stánadh ar Andrew Scott agus a ard-chaighdeán aisteoireachta amharc ar an dara heipeasóid, agus má tá tú ag iarradh Miley Cyrus a fheiceáil i sórt gearrscannán drámata do dhaoine óga, amharc ar an tríú heipeasóid.
Níl an tsraith seo dochreidte, ach níl sé go holc ach an oiread, cuireann sé thart an tráthnóna.