Cluichí CLG ag barr liosta féachana TG4

Ba iad cluichí CLG a mheall an lucht féachana ba mhó ar TG4 anuraidh. Seo na 5 chlár ag barr an liosta.


Tá tuilleadh clú agus cáil á bhaint amach ag an stáisiún Gaeilge mar gheall ar an bhealach atá ag iarraidh leo lucht féachana a mhealladh le bheith ag féachaint ar spórt trí mheán na Gaeilge, CLG ach go háirithe.

Dea-scéal don Chumann iad figiúirí lucht féachana TG4 anuraidh, a chuireann cluichí Gaelacha ar fad sna 5 chlár ba mhó ráchairt a chraol an stáisiún in 2015.

Cluiche Ceannais Iomána na Mionúr idir Gaillimh agus Tiobraid Árann, a craoladh ó Pháirc an Chrócaigh ar 6 Meán Fómhair, a tháinig amach ag barr an liosta, ní amháin de na cláir spóirt ach na cláir ar fad.

Mealladh meán-lucht féachana de 224,000 chun breathnú ar bhua fhoireann na Gaillimhe – sin níos mó ná an 4ú cuid den sciar lucht féachana iomlán a bhí ar fáil ag an am.

376,000 an lucht féachana ab airde a bhí ag an chath mionúr le linn a chraolta agus, cé nár sháraigh sé an cluiche ba mhó féachana in 2014 – 310,000 an meán-líon a d’fhéach ar Rugbaí Beo: Laighin v Mumhan – is cruthúnas cinnte é go bhfuil lucht féachana spóirt dílis aimsithe ag an stáisiún Gaelach.

Tharraing na 5 chlár spóirt ba mhó duine as gach cúigear nó duine as gach ceathrar den sciar lucht féachana le bheith ag breathnú ar an tráchtaireacht bheo i nGaeilge.

Isteach ag uimhir a dó, agus le meán-lucht féachana de 212,000, bhí Cluiche Ceannais Peile Shraith Allianz idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh ina raibh an lámh in uachtar ag foireann na hardchathrach.

Waterford

Is léir gur ardaigh turas buach Phort Láirge i Sraith na hIomána go leor spéise mar ba é an cluiche idir iad féin agus Tiobraid Árann agus ansin an cluiche ceannais in aghaidh Chorcaí an tríú clár agus ceathrú clár is mó faoi seach.

Is é Cluiche Ceannais na gClubanna idir Corra Finne na Gaillimhe agus Sléacht Néill as Doire, a imreoidh ar Lá Fhéile Pádraig, a chinntigh an cúigiú áit, agus meán lucht féachana de 202,000 aige, nó 22.7% den sciar féachana iomlán.

Cúis áthais don stáisiún Gaeilge go bhfuair na cluichí rugbaí idirchúige a craoladh thar an Nollaig an lámh in uachtar ar an BBC agus Sky.

Tá sonraí an scéil sin le léamh anseo.


Ar an tseachtain seo chugainn breathnóimid ar na cláir eile is mó a craoladh ar TG4 le linn 2015.

SCÉALTA EILE