Comhrá le Dean agus Jerry

Tá sraith chainteanna beartaithe ar fud na hÉireann ag an bheirt dlíodóirí, Dean Strang agus Jerry Buting, a bhain clú agus cáil amach sa mhórshraith faisnéise Making a Murderer.

Déanfaidh na dlíodóirí iomráiteacha cur i láthair i mBÁC, Corcaigh, Gaillimh agus Béal Feirste ag deireadh Mheán Fómhair mar chuid dá gcamchuairt dhomhanda.

Díreofar sna cainteanna ar na mórtheipeanna sa chóras dlí choiriúil a chuaigh i bhfeidhm ar thriail Steven Avery, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann leis an chás.

making

Laochra neamhghnácha iad Dean agus Jerry a tháinig chun cinn sa tsraith faisnéise Making a Murderer a craoladh ar Netflix anuraidh.

Leanann an tsraith 10 gcuid trialacha dúnmharaithe Steven Avery agus Brendan Dassey, ar mac deirfiúr le Steven é.

Sa bhliain 1985 fuarthas Steven Avery ciontach in ionsaí gnéis agus chaith sé 18 mbliana i bpríosún.

Sa bhliain 2003, le fianaise DNA, saoradh Avery ó aon mhilleán sa choir úd.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, cúisíodh Avery i ndúnmharú Teresa Halbach.

B’in tús an scéil.

Ardaíonn an tsraith go leor ceisteanna faoin fhiosrúchán agus faoi na modhanna a d’úsáid na húdaráis in Manitowoc, Wisconsin i gcás na beirte.

Bhí an tsraith ar na sraitheanna faisnéise is rathúla dá ndearnadh riamh.

Chuir na céadta míle duine a n-ainm le haighneacht a chuaigh chomh fada leis an Teach Bán ag lorg pardúin ó Uachtarán Mheiriceá do Stephen agus Brendan.

Tá na hullmhúcháin faoi lán seoil don dara sraith a leanfaidh le scéal Steven agus Brendan, ach ní fios dúinn fós an mbeidh Dean agus Jerry páirteach ann nó nach mbeidh.

D’fhéadfá ceist a chur orthu tú féin agus iad i mbun cainteanna sna hionaid thíosluaite ar na dátaí seo a leanas! Beidh na ticéid ar díol ón lá amárach don chaint i mBéal Feirste.


– Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí, Déardaoin, 22ú Meán Fómhair ar 8in Costas: €33

– Sráid an Bhiocáire, Dé hAoine, 23ú Meán Fómhair Costas: €36.00

– An Dubhlann, Gaillimh, Dé Domhnaigh, 25ú Meán Fómhair Costas: €35

– Mandela Hall, Áras na Mac Léinn, Ollscoil na Banríona, Dé Máirt, 27 Meán Fómhair. Costas: £27.50. (Ticéid ar fáil ó Ticketmaster ón lá amárach.

SCÉALTA EILE