Tá an dara sraith den chlár grinn Flight of the Conchords á léiriú ar HBO arís ar deireadh, agus ar fáil don chuid eile againn trí shuíomhanna éagsúla idirlín ónar féidir an clár a shruthú.
In 2007 léirigh HBO an chéad sraith, a bhí iontach greanmhar le beirt phríomhaisteoir an-cheanúil mar charachtair.
Déanann Brett McKenzie agus Jemaine Clement ón Nua-Shéalainn iad féin a léiriú, agus is é ceol grinn a gceolchoirmeacha beo bunús téama gach cláir.
Tá an bheirt ó Aotearoa i ndiaidh teacht go Meiriceá agus a bpasanna a cháilúint, is é seo an tslí ina mbuaileann siad le bainisteoir a mbanna ceoil, Murray Hewitt (Rhys Darby), atá ina oibrí in Ambasáid na Nua-Shéalainne.
Tá an greann sna cláracha éagsúil óna gcéile ó thaobh téama agus scéal grinn de, ach an-chosúil lena chéile ó thaobh foirme de.
Gealltar go mbeidh cruinniú ag an mbanna áit a léiritear saineolas samhalta na Nua-Shéalannach dúinn i leith an domhain mórthimpeall orthu i slí iontach greanmhar a thuigfidh muintir na hÉireann go maith.
Úsáidtear aoir le spochadh as na carachtair uilig go bunúsach, agus le biorra a chur faoin ghreann.
De ghnáth, is é an bealach a dhéileálann an bheirt le tréithe chultúr SAM a bhíonn mar théama an amhráin a sheinnfidh siad sa chlár. Tagann na hamhráin ón seó beo a dhéanann an bheirt, agus atá iontach greanmhar ann féin, ach atá thar bheith éifeachtach mar pháirt den chlár freisin.
Roinnt samplaí iontacha de seo ná amhráin Bowie, áit a ndéantar spochadh as David Bowie trí imeartas focal a dhéanamh as focla a amhrán, agus Hiphopapotamous vs Rhymenoceros, áit a n-úsáidtear rapcheol le labhairt faoi na carachtair rapcheoil atá cumtha acu, agus leis sin, spocadh as steiréitíopaí rap go ginearálta.
Tá láithreacht iontach grinn ag Jemaine, agus cabhraíonn sé seo go mór leis an ról atá aige ag déanamh jócanna aonsiolacha i ngan fhios dó fhéin.
I leith Brett, déanann siad imeartas ar easpa muiníne samhalta an charachtair go hiondúil, agus na slite áiféasacha ina ndéanann sé iad seo a sharú.
Cé nach bhfuil ach an chéad cheithre chlár den dara sraith feicthe agam, is oth liom a rá, go bhfuil an chuma ar an gclár go bhfuil an iomarca ama caite acu i Meiriceá.
Is cosúil go bhfuil siad ag breathnú ar chultúr Mheiriceá ón taobh istigh anois seachas mar Nua-Shéalannaigh mar a raibh siad i sraith a haon.
Níor éirigh leo an greann céanna a aimsiú lena n-amhráin nua ach an oiread go dtí an ceathrú clár, áit ar tháinig feabhas mór ar an gclár ina iomlán. Dá bharr seo ceapfainn nach bhfuil an bheirt charachtair, seachas an bheirt san fhíorshaol, chomh mór lena chéile agus a bhí siad.
Cé go bhfuil ag éirí go geal leis an gclár i SAM, ní mholfainn do dhaoine breathnú air mar a mhol mé breathnú ar an gcéad sraith go fóill. Táim ag súil go mbeidh smaoineamh nua ag stiúrtheoir an chláir, James Bobin a stiúir Da Ali G Show roimhe seo, mar a bhí aige le carachtar Ali G a athrú go Borat.
Tá ábhar gáire ann go fóill áfach agus cé nach bhfuil an moladh céanna le dul do shrath a dó, ní hé sin le rá gurb ionann an clár agus an t-eitleán den ainm céanna ó thaobh deireadh ré de!
Tá an clár thar mholadh ceathrar i gcónaí.