‘Bail ó dhia ar an obair’, nó ‘ó a dhia tá mé ag obair ón bhaile’. Cé acu ceann a oireann duit, níl mórán rudaí le déanamh sna trathnónta nuair nach féidir leat an teach a fhágáil. Fiú má tá do theaghlach nó do chéilí tí ag fáil ar aghaidh le chéile san am i láthair, seo cúpla clár éadrom le hamharc orthu le d’aird a tharraingt ar shiúl ón nuacht nuair a bheidh barraíocht charades imeartha, nó nuair a chaitheann duine an bord Monopoly isteach sa tine i racht feirge.
The Good Place
Tá go leor cláracha troma ar Netflix, ach níl dorchadas ar bith sa bhreis de dhíth orainn agus an nuacht ag dul in olcas achan lá. Mar sin, bain sult as an chlár grinn, The Good Place ar Netflix, áit a bhfeiceann muid Kristen Bell (Forgetting Sarah Marshall, Frozen) agus í díreach leaindeáilte ar neamh, sa ‘Good Place’, i ndiaidh di bás a fháil. Níl ann ach fadhb amháin — níl sí in ainm is a bheith ann.
Reeling in the Years
Chuir ard-fhear inteacht chor a bheith achan eipeasóid de Reeling in the Years ar YouTube ó 1965 go 2009. Is féidir suí siar agus éisteacht leis an téamamhrán íocónach, foghlaim faoi stair na tíre, agus machnamh a dhéanamh ar na heachtraí a tharla a bhfuil cuimhne agat féin orthu. Tá tú níos fearr as ag amharc air seo le scaifte daoine, mar sin má tá do theaghlach ag cur isteach ort, caith seo ar an teilifís agus beidh siad uilig suaimhneach agus béasach ar feadh leathuaire.
The Trip to Greece
Lean Rob Brydon agus Steve Coogan agus iad ag taisteal le chéile thart ar an nGréig, ag insint scéalta faoi stair agus muintir na Gréige, ag spochadh ar a chéile, ag tabhairt cuairt ar an áit inár ndearnadh Mamma Mia, agus ag ithe sna bialanna is deise sa tír. Más maith leat a bheith ag éisteacht le beirt chairde ghreannmhara ag magadh faoina chéile amhail is nach bhfuil ceamara ann, seo an clár duit.
Travel Man: 48 hours in…
Ní maith le Richard Ayoade a bheith ag taisteal i dtíortha eile. Mar sin, thug siad clár taistil dó. Bíonn sé féin agus fuirseoirí eile ag aistear trí chathracha agus bailte ar fud an domhain, ag iarraidh na séadchomharthaí suimiúla uilig a fheiceáil agus ag baint triail as nósanna na háite. Má tá dúil agat i ngreann tirim Ayoade, cuirfidh seo ar do shuaimhneas thú. Cé go bhfuil sé ag taispeáint duit na tíortha uilig nach féidir leat cuairt a thabhairt orthu a thuilleadh.
Irish Paint Magic
Má tá strus agus brú an tsaoil ag cuir imní ort, níl aon rud chomh deas le do scíth a ligean le glór David Willis ag rá leat “don’t kill de dark”, nó ag caint le clocha móra amhail is go bhfuil siad antrapamorfach, “sit down Mr. Rock“, leoga, gan mórán trácht ar Bhean Uí Rock. Tá trí shéasúr den chlár suaimhneasach seo ar sheinnteoir TG4, agus má tá ádh ort, bainfidh sé greamán den chanbhás le caora a thaispeáint cosúil le cócaire teilifíse ag rá “here’s one I prepared earlier“. Bob Ross na hÉireann.