Cuirfear tús anocht leis an dara séasúr den tsraith Croí Uladh ar BBC NI. Is é an láithreoir John Toal a bheidh os ár gcomhair arís an geábh so agus é ar camchuairt timpeall a chúige dúchais.
Casfaidh John le tiománaithe railí i nDún na nGall, gabhfaidh sé sa tóir ar an rógaire Seán na Gig sa Mainistir Liath i gContae an Dúin, agus casfaidh sé le Stephan Carson in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste le heolas níos fearr a fháil ar a oidhreacht agus a shinsir féin.
In eagrán eile den chlár a chraolfar ar BBC NI gach Luan ag 22.00 as seo go ceann cúpla seachtain, cuirfidh John na bróga reatha air féin agus gabhfaidh sé amach ar na bóithre leis na West Belfast Coolers, cumann reatha in iarthar chathair Bhéal Feirste.
Tabharfaidh sé cuairt freisin ar an Assisi Sanctuary, áit a bhfuil madraí go leor – ceann amháin acu a bhfuil a chathaoir rothaí féin aige – Henry Wee Wheels.
Ní fhágfar Gaeltacht Uladh as an áireamh agus John ar a chamchuairt óir siar go hÁrainn Mhór a rachaidh sé agus é ar thóir an cheoil. Chuir Banna Píob Árainn Mhór fáilte mhór roimhe agus é fillte ar an oileán inar fhoghlaim sé a chuid Gaeilge.
Beidh Croí Uladh le feiceáil ar BBC NI anocht ag 22.00.