Cuisle

The Dirty 9s, Mo Hat Mo Gheansaí, Bréag, The Bonny Men, Dàimh… díreach cuid de na bannaí atá le cloisteáil agus le feiceáil faoi láthair sa tsraith úr cheoil Cuisle atá á chraoladh ar BBC2.

An t-amhránaí aitheanta as Béal Feirste Gráinne Holland a chuireann an seó i láthair in éineacht le hÉamonn Ó hAdhmaill agus tá an t-aicsean ar fad suite i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich sa chathair cois cuain.

Imagine Media atá taobh thiar den tsraith agus dúirt an léiritheoir, Sheila Friel, go bhfuil “rud éigin do gach duine le fáil sa tsraith seo”.

“Beidh réimse leathan ceoil ann gach seachtain, idir cheol tradisiúnta agus cheol claisiceach, idir phop agus rac-ceol agus rud beag reggae is blues lena chois sin uilig.”

Tá Cuisle ag dul amach gach oíche Luan ar 10in ó 13 Bealtaine ar aghaidh agus ar na grúpaí a bheas ar an ardán tá an sárbhanna nua Weeping Willow ina bhfuil John Mc Sherry, Pádraig Rynne, Paul Mc Sherry agus Tóla Custy, na seanfhondúirí reggae Bréag, lads Bhaile Átha Cliath The Dirty 9’s’, an bhuíon Albanach Dàimh, na deartháireacha Gaelacha Mo Hat Mo Gheansaí agus ceann de na hóg-ghrúpaí tradisiúnta is beoga sa tír The Bonny Men’.

Beidh Ceoltóir Óg na Bliana 2013 TG4 Dónal Mc Cague agus a dheartháir Michael ann chomh maith leis an Albanach Calum Stewart agus an Briotánach Heikki Bourgault a bhíonn ag seinm meascán iontach de cheol na hAlban agus na Briotáine. Dóibh siúd nach bhfuil suim mhór sa cheol acu, beidh ealaíontóirí ag caint ar an rud is mó a spreagann iad. Beidh filí úra, agus filí a bhfuil clú agus cáil orthu, ag aithris a ndánta agus go leor gnéithe eile chomh maith.

Sa tsraith tugann an file Feirsteach Gearóid Mac Lochlainn léiriú ar leith i gCuisle ag aithris a dháin Dúnmharú agus tá Mark Braidner ar an ghiotár á thionlacán.

Dúirt an stiúrthóir Mal Marken, “Taitneoidh an clár le gach duine a bhfuil dúil acu sna healaíona nó sa cheol.”

“Tá talanna den chéad scoth in achan clár; tugann Cuisle ardán do na daoine éirimiúla seo a mbuanna a thaispeáint.”

SCÉALTA EILE