Dá ndéanfaí Game of Thrones sna 80idí…


Do go leor daoine fágadh bearna mhór inár n-oíche Luain nuair a craoladh an clár deireanach de shraith 5 de Game of Thrones.

Ar eagla nach bhfaca duine ar bith agaibh go fóillín é (Cad é atá ar siúl agaibh muna bhfaca?!), ní scriosfaidh muid aon rud le sonraí an scéil.

Ach dóibh siúd nach bhfuil go hiomlán sásta go gcaithfidh muid fanacht 10 mí go dtí an chéad sraith eile, seo físeán beag a chuirfidh sibh ag gáire.

Cén sórt cláir a bheadh i GOT dá ndéanfaí é sna 80idí, nuair a bhíodh The A-Team, Dukes of Hazzard agus Miami Vice i mbarr a réime?

Seo an tsamhail a bhí ag duine amháin…

SCÉALTA EILE