Eve Belle, rogha Coldplay…

Beidh Eve Bell, Conallach óg a fuair ardmholadh ó Coldplay ag an deireadh seachtaine, le feiceáil i mbun ceoil ar I Lár an Aonaigh, anocht ag 10in ar BBC 2.

Is é leagan Eve d’amhrán Coldplay ‘Violet Hill’ a bheas á cheol aici ar an chlár ceoil agus cainte atá le tosnú arís anocht agus a taifeadadh i mBéal Feirste le déanaí.

Chuaigh an físeán céanna a fhad le Coldplay ag an deireadh seachtaine agus is léir ón ghiolc a seoladh ó chuntas an bhanna go ndeachaigh Eve go mór i bhfeidhm orthu:

Beidh an réalta óg seo, a thug léi Gradam Ceoil NÓS d’Amhrán Nua-Chumtha na Bliana agus a bheas ar ardán ag Ravelóid chomh maith, i measc scoth na gceoltóirí agus na cuideachta – Colm Mac Con Iomaire, Fiach, Fionnuala Flaherty, Liam Ó Maonlaí, Alan Titley ina measc – a bheas páirteach sa 4ú sraith de I Lár an Aonaigh, atá á láithriú ag Máire Bhreathnach agus Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir na hirise seo.

Mar a rinneadh sa tsraith dheireanach, beidh seisiúin eisiacha ar líne ó na bannaí á roinnt ar leathanach Facebook BBC Gaeilge.

Ar ábhar eile, bhailigh slua Gael taobh amuigh d’fhoirgneamh an BBC i mBéal Feirste inniu chun a míshásacht a chur in iúl faoin dóigh ar caitheamh le Gael óg ar dhá chlár plé Béarla de chuid an stáisiúin.

Bhí Cónall Ó Corra sa lucht féachana ag cláracha polaitíochta le déanaí nuair a rinne sé iarracht ceist na Gaeilge a ardú leis an phainéal ach thug na láithreoirí, Steven Nolan agus Noel Thompson, neamhaird air faoi dhó.

SCÉALTA EILE