Is aoibhinn liom oíche an Toy Show. Thaitin sé liom ariamh.
Ba gheall go n-iompófaí an saol bunoscionn ar feadh aon oíche amháin agus go bhfágfaí slán leis na gnáthrialacha. Bhí cead ag mo dheirfiúr, mo dheartháir agus agam féin fanacht inár suí go déanach ar an gcéad dul síos (rud nach dtarlaíodh go minic i dTigh Uí Thiarnaigh) agus anuas air sin, bhíodh flótaí againn.
Ní cuimhin liom flóta a ól am ar bith eile i rith mo shaoil ach amháin os comhair na teilifíse oíche an Toy Show. Má tá daoine i measc na léitheoirí nach dtuigeann céard is a leithéid ann; líonann tú gloine mhór le do rogha deoch shúilíneach ar nós Fanta, 7up nó Coca-Cola, cuireann tú slis thiubh uachtar reoite fanaile sa ghloine leis agus ólann tú an deoch le coinlín. De réir mar a leánn an t-uachtar reoite, tagann saghas screimhe ar bharr na dí a chuireann cuma na nimhe ar an manglam, ach geallaim duit go bhfuil blas neachtair ar an deoch chéanna!
Bíonn a dheasghnátha féin ag gach teaghlach oíche an Toy Show, is cosúil. B’in é mar a thosaíodh muidne; ár gcuid pitseámaí orainn, blaincéid inár dtimpeall agus muid ag dúil ar ár gcoinlíní le díocas. Seans go mbeadh grán rósta againn freisin fiú – dá mbeimis tar éis a bheith breá múinte an tseachtain sin. Cleachtas eile a bhíodh agam féin ná peann luaidhe agus pár a bheith le mo thaobh. Ó thosach an chláir, bhínn ag scriobláil liom go fiáin; ag obair ar an aguisín cuimsitheach a chuirfí leis an litir a sheol mé go Santaí an tseachtain roimhe.
In ainneoin na sceitimíní a bhíodh orm, is annamh a bhaininn deireadh an chláir amach. De réir mar a leanadh an clár ar aghaidh, bheadh caipíní mo shúl ag druidim le chéile agus ní ba mhinicí ná a mhalairt, chuirfí chun na leapan mé sula dtiocfadh na teidil chreidiúna ar an scaileán – cé go maínn le cách ar scoil an Luan dar gcionn gur fhan mé i mo shuí don rud uilig.
Níl dabht ach go bhfuil go leor athruithe tagtha i bhfeidhm ó bhí mise i mo pháiste sna 2000idí, ach tá dúil mhór agam sa Toy Show fós.
Patrick Kielty, ar ceapadh é mar láithreoir ar The Late Late Show i mbliana, a chuirfidh an Toy Show i láthair.
Is seoid chultúrtha í an Toy Show agus feictear dom go dtugann sé léiriú socheolaíoch dúinn ar luachanna mhuintir na hÉireann. Féachaimis ar na hathruithe a tháinig ar an seó le blianta beaga anuas cuir i gcás, ó thaobh éagsúlachta agus ionchuimsitheacha de. Cuireann sé ola ar mo chroí go gcaitear spotsolas ar pháistí ó gach cúlra agus ar pháistí faoi mhíchumas anois, chomh maith leis na sluaite páistí geala steiréitipicúla a mbíodh monaplacht acu ar an stáitse go stairiúil.
Níl dabht ach go ndearnadh éacht leis an Toy Show Appeal le blianta anuas chomh maith. Cuireann an feachtas seo i gcuimhne don lucht féachana gur iomaí páiste sa tír seo atá ag maireachtáil ar an ngannchuid, atá ag streachailt le fadhbanna sláinte, nó atá ag fulaingt de bharr dúshlán amháin nó eile. Féachann os cionn milliún duine ar an gclár gach aon bhliain agus tá an lucht féachana sin á chur chun tairbhe anois le hairgead a bhailiú do réimse carthanachtaí do pháistí.
Táthar ann a déarfaí gur straitéis mhaolaitheach é seo de chuid RTÉ chun aird an lucht féachana a bhaint ón gcaipitleachas rábach atá ag croílár an chláir. Ach más fíor é sin ag leibhéal áirithe, agus mura bhfuil san fheachtas ach sceach i mbéal bearna, cén dochar? Má théann sé chun leasa na bpáistí, táimse den tuairim gur ceart glacadh leis agus fáilte.
N’fheadar an bhfuil mé i bhfabhar gach athrú atá tagtha ar an gclár mar sin féin. Mothaím go bhfuil léiritheoirí an chláir ag cur an-iomarca béime ar scéalta corraitheacha réamhshocraithe a chruthú a tharraingeoidh ar théada croí an lucht féachana, seachas ligean don draíocht agus don rúscam raindí a tharlaíodh go nádúrtha fadó. Fágaimis slán leis an mire mothúchán agus tógaimis an turcaí Dustin ar ais ina háit! Toy Show na hÉireann atá i gceist i ndiaidh sin is uile, ní clár aithrise Oprah.
Ar aon dul leis sin, cé go mbíonn sé go haoibhinn do na páistí bualadh lena laochra amhail imreoirí sacair nó amhránaithe mór le rá, ceapaim go bhfuiltear ag dul thar fóir leis seo le tamall. Níor mhaith liom go mbeadh an Toy Show ina ardán bolscaireachta do réalta móra an tsaoil, seachas a bheith mar ardán chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhíorlaochra an chláir; páistí na hÉireann, nach dteipeann orthu riamh oíche mhór mheidhreach a chur faoinár mbráid.
Mar sin, ar 21:30 anocht, an 24 Samhain, bí cinnte go mbeidh mo phitseámaí orm agus go mbeidh mé suite os comhair na teilifíse. B’fhéidir go mbeidh flóta agam fiú – i gcuimhne ar na laethanta a bhí.