Déanfaidh TG4, an stáisiún teilifíse is ansa leis na Gaeil, mórcheiliúradh ar 20 bliain a bhunaithe le clár spleodrach ceolmhar beo, ‘TG4XX Beo’, a chraolfar as áiteanna éagsúla ar fud na tíre Oíche Shamhna.
Ba ócáid ar leith í Samhain riamh anall i samhlaíocht agus i saíocht na gCeilteach ina dtagann an saol seo agus an saol eile le chéile ar feadh oíche aonair amháin.
Is ar an oíche dhraíochtúil seo, thiar i 1996, a seoladh Teilifís na Gaeilge an chéad lá.
Nach iontach anois é, agus an cainéal 20 bliain ag fás, go bhfuil féasta físiúil fileata 360º á chur ar siúl a dhéanfaidh ceiliúradh as an ghnách ar chultúr, ar theanga agus ar amhráin na Gaeilge.
‘Aistriú an Lóchrainn’ is téama don oíche mhór ina mbeidh snátha éagsúla ceoil, amhránaíochta, damhsa agus filíochta fite ina chéile.
Tá scéal amuigh go mbeidh fiche neach draíochtúil ar cuairt ón saol eile le bheith páirteach i scléip na Samhna.
Beidh go leor den aicsean ar an oíche ar siúl i bpuball a bheas suite sa Quad in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Beidh míreanna beo á gcraoladh freisin ó Cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann, ó Thigh Pháidí Uí Shé i gCorca Dhuibhne agus ón Ionad Cois Locha i nGaeltacht Dhún na nGall.
Is iad Gifted Empire a bheidh i mbun an léiriúcháin, an comhlacht céanna a rinne an beochraoladh buach Fleadh TV.
I measc na gceoltóirí a bheas páirteach sna himeachtaí ar an oíche tá Hothouse Flowers, Máirtín O’Connor agus a Bhanna, Prodijig, Duke Special, Ulaid, Imlé, Maitiú Ó Casaide, Nell Ní Chróinín, Séamus Ó Beaglaoich, Aeons agus Muireann Nic Amhlaiobh agus Séamus Barra Ó Súilleabháin, Pólca 4, Korma agus Daithí (thíos) agus Liam Ó Maonlaí.
Beidh píosa nuachumtha bunaithe ar théama na hoíche le cloisteáil agus filí aitheanta Gaeilge agus cóir Ghaeltachta páirteach ann.
Is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUiginn aoi mór na hoíche, fear a raibh ról lárnach aige i mbunú Theilifís na Gaeilge agus é ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta.
Dúirt Ardstiúrthóir nuacheaptha TG4, Alan Esslemont, go bhfuil sé ag súil go mór leis an ócáid.
“Cloch mhíle í do TG4 agus muid ag tabhairt aghaidh ar chéim nua dár n-aistear le mórtas agus le misneach.”
Beidh ‘TG4XX Beo’ ar siúl ó 9.30-11.30in ar TG4 Oíche Shamhna, an 31 Deireadh Fómhair.
Tiúnaígí isteach!