Agus an geimhreadh fuar agus gaofar amuigh bíonn rud éigin ag teastáil uainn ag an am seo bliana chun an teas a choinneáil inár gcroíthe agus meangadh a choinneáil ar ár mbéil.
Is mór an gar mar sin go bhfuil dhá chlár lán grinn agus gáire le craoladh ar TG4 anocht, agus cuma orthu gur leigheas ceart iad ar aon ghormacha geimhridh.
Barney Bunion – 20:00
Ar dtús tá an tsraith úrnua ghrinn, Barney Bunion.
Clár Conallach é seo faoi fhear pósta a bhfuil mac amháin aige agus a dhéanann iarracht slí bheatha nua a dhéanamh dó féin ina bhleachtaire príobháideach, agus a dheartháir Cecil ina leathbhádóir aige.
An deacracht áfach ná nach bhfuil tuairim dá laghad ag Barney ná ag Cecil cad atá i gceist leis an obair agus is iomaí fadhb, agus cás barrúil, a chruthaíonn siad dá réir.
Tá an tsraith seo mar chuid de thraidisiún grinn Thír Chonaill, ceantar Gaeltachta a thuill clú nach beag go dtí seo le cláracha nuálacha ar nós CU Burn agus Gleann Ceo.
Ba é Seán Beag Mac Fhionnghaile, ón Ghlaisigh i nGaoth Dobhair, a bhí ar dhuine de cheannródaithe an tseánra agus bhí a chumas scríbhneoireachta agus aisteoireachta lárnach sa bhláthú a tháinig faoin ghreann Gaeilge i luathbhlianta TG4.
Cé go bhfuair Seán bás in 2009 maireann a thionchar go fóill agus lean a mhac Aodh le scríobh The Bunions.
Bí ag súil le greann clasaiceach ó thús deireadh.
An Gobán Saor – 21:15
Muna leor sin duit beidh tú in ann leanúint lena thuilleadh greanntaíochta níos moille anocht agus an clár speisialta An Gobán Saor á thaispeáint den chéad uair.
Ceiliúradh é seo ar oidhreacht an ghrinn in Éirinn agus inseoidh fir, idir óg agus sean, ó cheann ceann na tíre na scéalta grinn is ansa leo féin.
I measc na ndaoine a bheas ag baint gáire as an lucht féachana beidh Peadar Ó Treasaigh, Seán Ó Sé, Séamus Ó Beaglaoich, Danny Maidhcí Ó Súilleabháin, Liam Ó Muirthile, Seán Phat Mór Ó Loideáin, Seosamh Mac Donncha, Tomás Ó Lúing, Máirtín Jimmy Nan Ó Méalóid agus Máirtín Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha.
Gach ábhar faoin spéir a bheas faoi chaibidil acu – cleamhnas, creideamh, breith agus bás – agus tabharfaidh na fir léiriú leithleach ar ghné shainiúil den nádúr Éireannach.
Cuir síos pota tae, suígh siar agus bain súp as!