Glór ciotach Adam Curtis

Smaoinigh siar ar an saol i lár 2004.

Ré Bush agus Blair.

Tá buataisí leathair an Iarthair ar thalamh gainmheach na hIaráice le breis agus 20 bliain anuas.

2,000 ciliméadar ar shiúl, taobh thall den Iaráin, tá rince na cogaíochta faoi lán seoil san Afganastáin.

I dteannta na buamála uafásaí atá á déanamh sa Mheánoirthear, tá buamáil de chinéal difriúil á déanamh anseo sa bhaile: buamáil shíceolaíoch.

Nó lámh leis an scrios sa Mheánoirthear, tá síorfheachtas bolscaireachta ar bun ag rialtas Mheiriceá agus ag ár rialtais féin araon.

Sna sála orthu ar nós na lachan atá na meáin, agus iad ar fad ag iarraidh idé a dhíol, iad uilig ag iarraidh a chur ina luí ar an phobal go bhfuil contúirt mharfach ar leac an dorais againn – go bhfuil géarghá leis an ‘Cogadh ar an Uafás’.

Táimid sáite báite ag an smaoineamh sin.

Is isteach sa chomhthéacs sin, dhá bhliain déag ó shin, a shiúlann an déantóir clár faisnéise, Adam Curtis.

adam

Tá an iliomad duaiseanna teilifíse faoina ascaill aige agus tá a shaothar nua, The Power of Nightmares, á chraoladh ag príomh-am féachana ar BBC2.

Tosaíonn an clár lena ghuth so-aitheanta ag labhairt thar sheanghearrthóga scannáin measctha le fuaimdhreach eipiciúil, é uilig curtha le chéile leis an sár-stíl ar leith aige.

Agus é ag labhairt ar ‘bhaol marfach an uafáis’ fógraíonn sé gan aon rí rá ná ruaille buaille tur “toradh na samhlaíochta é bunús an bhaoil seo, atá i ndiaidh a bheith áibhlithe agus curtha as riocht ag na polaiteoirí.”

Is intreoir chumhachtach í.

Agus san iomlán, is píosa teilifíse ríthábhachtach a bhí in The Power of Nightmares.

Le taighde agus fíricí, rinne Curtis snámh in aghaidh eas an ama leis an eagla a bhí go forleathan a cheistiú agus bréaga na bpolaiteoirí a léiriú.

Bí cinnte, áfach, nach de thaisme a tharla sin.

Fiú in 2004, bhí seantaithí ag an fhear ó dheisceart Shasana ar a bheith ag cruthú scannán a d’fhágfadh na húdaráis ag bárcadh allais.

Cé gur thosaigh a shaol sna scannáin le clár faisnéise i 1983 ar Miss Selfridges i Londain, faoin am a tháinig an tsraith iontach The Mayfair Set amach i 1999 (a d’fhiosraigh stair na trádála domhanda in airm, agus an nasc a bhí idir sin agus rialtas Thatcher), bhí a ainm le liosta ollmhór saothar criticiúil.

Ar an 16ú lá den mhí seo, de réir mar a rinneadh le Bitter Lake in 2015, foilsíodh a scannán úr ar BBC iPlayer.

Pléann HyperNormalisation le mórcheist eile i sochaí an lae inniu:

“Insíonn an bhunaíocht bréag dúinn,” a deir sé.

“Tá a fhios againn go bhfuil bréag inste acu dúinn, agus tá a fhios acu go bhfuil a fhios againn go bhfuil bréag inste acu dúinn. Cad é mar a bhain muid an staid ghruama seo amach?”

Is léir ón réamhbhlaiseadh amháin go fiú go bhfuil gnáth-chomhábhair Curtis le fáil ann.

Ceol atmaisféarach na himní, a ghuth ciúin údarásach, agus agallaimh agus seanphíosaí scannáin.

Ní bhfaighfeá a leithéid ó aon duine eile – níl gné ar bith ar iarraidh.

Níos luaithe sa bhliain, d’fhreastail mé ar fhéile iontach eagraithe ag an Terry Enright Foundation.

‘Glórtha Ciotacha’ an t-ainm a bhí air, agus bhí sé mar aidhm ag an fhéile gníomhaithe éagsúla ón phobal a tharraingt le chéile ar mhaithe le plé agus díospóireacht a chothú.

Ba théama é a rith fríd an ócáid ar fad, ag teacht ó na haoichainteoirí agus ó na rannpháirtithe araon, an tábhacht le bheith ag labhairt amach, an tábhacht le bheith i do ‘ghlór ciotach’ san aois thubaisteach seo.

Beidh mé soiléir.

In amanna ní aontaím le conclúidí Curtis. In amanna mothaím go gcuireann sé barraíocht béime ar an uisce faoi thalamh agus ar na mionphlotaí a thiománann daoine aonaracha.

Mar shampla, thiocfadh cinnte an anailís in The Power of Nightmares ar nuachoimeádaigh (neocons) Mheiriceá a cheistiú.

Cinnte, ní hé ár slánaitheoir é Curtis ; i bhfad uaidh é sin, i bhfírinne.

Is fearr ná sin atá ann, áfach. Is glór ciotach é Adam Curtis – glór ciotach atá go mór in easnamh sa lá atá inniu ann.


SCÉALTA EILE