‘I Lár an Aonaigh’ #4 ar an tslí

An scríbhneoir aitheanta Alan Titley, an t-aisteoir óg Fionnuala Flaherty, an mórcheoltóir Liam Ó Maonlaí agus Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail, sin díreach cuid de na haíonna speisialta a bheas le feiceáil sa tsraith nua den chlár cainte agus ceoil, I Lár an Aonaigh.

Seo an ceathrú sraith den chlár, a chraoltar ar BBC 2 NI, agus ina mbíonn Máire Bhreathnach agus Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir na hirise seo, i mbun comhrá le Gaeil iomráiteacha agus ag plé cheisteanna reatha an tsaoil.

Ar bharr na cainte agus na craice bíonn ceol den scoth ann le linn na sraithe chomh maith agus an babhta seo tá Colm MacCon Iomaire, Eve Belle, Fiach agus an banna Silences (thuas) ina measc siúd a bheas ar ardán.

Beidh I Lár an Aonaigh #4 á thaifeadadh an deireadh seachtaine seo i mBéal Feirste agus tá fearadh na fáilte roimh chách bheith mar chuid den lucht féachana stiúideo.

Seo thíos an sceideal taifeadta agus dá mba mhian le haon duine bheith i láthair ag ceann ar bith de na cláracha – a bheas ar siúl ag stiúideo Blackstaff an BBC – níl le déanamh ach glaoch a chur ar (028) 9031 5522 nó rphost a chur chuig audience@belowtheradar.tv

ILAA4

SCÉALTA EILE