I Lár an Aonaigh #5

An scríbhneoir aitheanta Alex Hijmans, an t-aisteoir agus gearrscannanaí óg Linda Bhreathnach (thuas), an file Máire Zepf, na sarcheoltóirí IMLÉ agus Mairéad Ní Mhaonaigh… sin díreach cuid de na haíonna speisialta a bheas le feiceáil sa tsraith nua den chlár cainte agus ceoil, I Lár an Aonaigh, a bheas á craoladh le linn mhí na Samhna.

Seo an cúigiú sraith den chlár, a chraoltar ar BBC 2, agus ina mbíonn Máire Bhreathnach agus Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir na hirise seo, i mbun comhrá le Gaeil iomráiteacha agus ag plé cheisteanna reatha an tsaoil.

Ar bharr na cainte agus na craice bíonn ceol den scoth ann chomh maith agus an iarraidh seo tá John Spillane, The Riptide Movement agus an sarghrúpa ceoil Bothán as Ard Mhacha Theas ina measc siúd a bheas ar ardán.

Beidh I Lár an Aonaigh #5 á thaifeadadh an deireadh seachtaine seo i mBéal Feirste agus tá fearadh na fáilte roimh chách bheith mar chuid den lucht féachana stiúideo.

Seo thíos an sceideal taifeadta agus dá mba mhian le haon duine bheith i láthair ag ceann ar bith de na cláracha – a bheas ar siúl ag stiúideo Blackstaff an BBC – níl le déanamh ach glaoch a chur ar (028) 9031 5522 nó rphost a chur chuig audience@belowtheradar.tv

bothan

Dé hAoine, 14 Deireadh Fómhair 

@ 1in – Diarmuid de Faoite agus Jealous of the Birds
@ 5.30in – Máire Zepf agus Bothán (thuas)


alex

Dé Sathairn, 15 Deireadh Fómhair 

@ 11.00in – Alex Hijmans (thuas) agus The Riptide Movement
@ 3.30in – John Spillane agus Honeyfeet


imle

Dé Domhnaigh, 16 Deireadh Fómhair

@ 11.30in – Mairéad Ní Mhaonaigh agus IMLÉ (thuas)
@ 4.30in – Linda Bhreathnach agus Blackbird and Crow


 

SCÉALTA EILE