Beidh ceangal ar gach comhlacht léiriúcháin a dhéanfaidh clár do TG4 cuntas a choinneáil ar an lorg carbóin a fhágfar i ndiaidh gach cláir feasta.
D’fhógair TG4 an tseachtain seo gur gá do gach comhlacht léiriúcháin a dhéanfaidh clár ar conradh don stáisiún Gaeilge as seo amach ‘Áireamhán Carbóin albert’ a úsáid leis an lorg carbóin a thomhais.
Bunaíodh albert in 2011 le cabhrú le lucht déanta teilifíse, agus earnálacha eile, na cleachtais agus nósanna is fearr ó thaobh na haeráide de a chur i bhfeidhm agus cláir á ndéanamh acu.
Úsáidtear an t-áireamhán le tuiscint níos fearr a fháil ar an tionchar a bhíonn ag léiriúcháin teilifíse ar an gcomhshaol agus an aeráid. Cuirtear san áireamh na láithreacha, na stiúideonna, an criú, an lóistín, agus nithe eile nach iad a bhíonn in úsáid agus an clár á dhéanamh leis an lorg carbóin a thomhais. Agus an t-eolas sin acu, beidh léiritheoirí na gclár in ann na hastaíochtaí carbóin a laghdú.
Ar na rudaí a d’fhéadfaí a dhéanamh le lorg carbóin cláir a laghdú, luann TG4 “deireadh a chur le plaisteach aonúsáide, réitigh chliste a fháil i ndáil le bainistiú dramhaíola, agus an méid taistil a d’fhéadfadh a bheith i gceist a laghdú”.
Tá córas albert in úsáid cheana féin sa Bhreatain, mar ar bunaíodh é, agus is gá na prionsabail a leanúint agus cláir á ndéanamh do na stáisiúin mhóra sa tír sin – BBC, ITV, Sky, UKTV, agus Channel 4. Tá an córas in úsáid ag an tseirbhís sruthaithe mór le rá Netflix freisin.
D’oibrigh TG4, RTÉ, Virgin Media Television, Fís Éireann. Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann as lámha a chéile leis an uirlis a chur in oiriúint d’earnáil na teilifíse in Éirinn.
Seoladh leagan nua den áireamhán an mhí seo atá “níos cruinne” fós, chomh maith le córas nua creidiúnaithe. Bronnfar teastas ar na comhlachtaí léiriúcháin a bhainfidh neodracht carbóin amach, agus beidh lógó albert le feiceáil i gcreidiúintí an chláir.
“Tá áthas ar TG4 as an díograis agus an tiomantas atá léirithe ag an neamhspleách léiriúcháin maidir le cleachtais léiriúchán inbhuanaithe a ghlacadh. Tá an cur chuige seo ag teacht go hiomlán le tiomantas TG4 féin an úsáid a bhaineann sé as fuinneamh agus a lorg carbóin a laghdú agus an ról atá againn mar chraoltóir na spriocanna atá leagtha síos sa phlean gníomhaíochta aeráide a bhaint amach,” a dúirt Neil Keaveney, Stiúrthóir Teicneolaíochta TG4.