Cuirfear tús mealltach le sraith úr den chlár irise ‘I Lár an Aonaigh’ ar BBC2 anocht, Dé Luain 2 Samhain, ag a 10i.n.
Is í banríon na n-amhrán Ceilteach Moya Brennan, ón ghrúpa Clannad, a bheidh mar aoi speisialta na hoíche agus í i mbun cainte mar gheall ar thogra nua beochana a bhfuil sí páirteach ann agus cuirfidh cailín Chill Dara Inni-k (thíos) scoth an cheoil i láthair sa stiúideo.
Is féidir a bheith ag súil le míreanna spéisiúla faoi fhorbairtí reatha éagsúla atá ag titim amach sa chúige chomh maith.
Is í an craoltóirí Máire Bhreathnach agus eagarthóir na hirise seo Tomaí Ó Conghaile a chuireann ‘I Lár an Aonaigh’ i láthair, le Lynette Fay i mbun comhrá leis na bannaí ceoil.
Seo an tríú huair don tsraith ceoil agus cainte a bheith ar an scáileán.
I measc na n-aíonna eile a bheidh páirteach sa tsraith, a bheas ag craoladh as seo go ceann sé seachtaine eile, tá an file Nuala Ní Dhomhnaill, an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin, an scríbhneoir Réaltán Ní Leannáin, an t-aisteoir óg Sean T. Ó Meallaigh, agus na grúpaí Boss Sound Manifesto, Breaking Trad agus Nova Collective.
Dúirt léiritheoir na sraithe, Michael Fanning ó Below the Radar, go bhfuil ‘an-áthas’ air sraith eile de ‘I lár an Aonaigh’ á léiriú.
Thagair sé don ‘réimse leathan scéalta spéisiúla’ a bheidh faoi chaibidil ‘ó Chogadh Cathartha na Spáinne go mórcheist na cibearbhulaíochta’ , agus don cheol iontach a bheidh le cloisteáil le linn na sraithe.
Mar sin bígí i lár an aonaigh!